Déanann Fine Gall comhghairdeas le Jane Maguire i ndiaidh gur roghnaíodh í d’Fhoireann Náisiúnta Cruicéad Ban na hÉireann

Déanann Comhairle Contae Fhine Gall comhghairdeas leis an imreoir le Cumann Cruicéid The Hills, Jane Maguire, tar éis gur roghnaíodh í den chéad uair imirt ar Fhoireann Náisiúnta Cruicéad Ban na hÉireann don tsraith idirnáisiúnta in aghaidh na hAlban a bheidh ar siúl an mhí seo.

Jane McGuire 4.jpg

Beidh Maguire, scoláire sa 6ú bliain ag Coláiste Pobail na Sceirí agus peileadóir CLG agus imreoir camógaíochta le Skerries Harps, ag imirt i dteannta a gcomhimreoirí an deireadh seachtaine seo fad a dhéanann siad ullmhú don sraith ceithre chluiche a chuirfear ar siúl nuair a thosófar le cruicéad idirnáisiúnta na mban a imirt arís i ndiaidh tréimhse dhúshlánach nach raibh aon chluichí iomaíocha ar bun inti.

Ba bheag ionaidh a bhí ar go leor daoine i bhFine Gall gur roghnaíodh í agus cuireann sé ainm eile ar bhalla na honóra ag Cumann Cruicéid The Hills, arbh eol dóibh chomh fada siar go dtí 2016 go raibh gealladh faoina bhfoireann chailíní faoi 13 bliana agus go bhféadfadh go mbeadh geansaí glas na hÉireann á gcaitheamh acu sna blianta amach romhainn, seachas geansaí gorm agus dearg The Hills. 

Tá súil againn go mbaineann tú taitneamh as an méid ar oibrigh tú go dian dícheallach lena bhaint amach”.

Luaigh AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Contae Fhine Gall, an tábhacht a bhaineann le roghnú Jane ina measc siúd go léir atá ag oibriú ar son an spóirt a imirt i bpobal Fhine Gall: “Tugann nuacht Jane spreagadh dúinn go léir. 

“D’oibríomar leis an bpobal áitiúil agus le Comhlachtaí Náisiúnta Rialaithe, lena leanúint an spórt a choimeád ar fáil i rith na paindéime seo. 

“Léiríonn an chaoi gur féidir le Jane aghaidh a thabhairt ar a haisling idirnáisiúnta a bhaint amach cé chomh tábhachtach atá ár gclár spóirt a leanaimid a chur ar fáil i bhFine Gall trínár Rannóg Spóirt agus ár gcomhpháirtithe.”

Bhí gliondar croí ar an Uasal Maguire gur roghnaíodh í imirt ar son na hÉireann, agus maidir leis na deiseanna a chuirfidh sin ar fáil di: “Tá onóir orm gur roghnaíodh mé d’fhoireann Ban na hÉireann, i mbliain atá ríthábhachtach dúinn mar gheall go bhfuil orainn cáiliú do Chorn Domhanda.  

“Táim ag tnúth le taithí a fháil ar chruicéad idirnáisiúnta agus cuirfidh mé gach rud a d’fhoghlaim mé ó mo chóitseálaithe ag Cumann Cruicéid The Hills, Óige Chruicéad Laighean agus Cruicéad Éireann i ngníomh go ndéanfar an t-ambasadóir is fearr don chruicéad i bhFine Gall agus is féidir díom ar ardán idirnáisiúnta.”

Seo a leanas sceideal iomlán an turais:

  • An 23 Bealtaine: Mná na hÉireann v mná na hAlban, 1ú T20I (Stormont)
  • An 24 Bealtaine: Mná na hÉireann v mná na hAlban, 2ra T20I (Stormont)
  • An 26 Bealtaine: Mná na hÉireann v mná na hAlban, 3ú T20I (Stormont)
  • An 27 Bealtaine: Mná na hÉireann v mná na hAlban, 4ú T20I (Stormont)

Chun teacht ar bhreis sonraí faoi na cluichí, clúdach beo sruthaithe le tráchtaireacht san áireamh, tabhair cuairt, le do thoil, ar www.cricketireland.ie

Chun teacht ar eolas breise ar chruicéad, déan teagmháil, le do thoil, le Brían O’Rourke, Bainisteoir Forbartha Cruicéid – Fine Gall, [email protected]

CRÍOCH

Chun teacht ar eolas breise, déan teagmháil le [email protected]

Jane McGuire 5.jpg