Blasanna Fhine Gall Beidh imeacht Blasanna Fhine Gall, an seó teaghlaigh contae is mó agus is lánghníomhaí in Éirinn, na bliana seo ar siúl Dé Sathairn an 29 Meitheamh agus Dé Domhnaigh an 30 Meitheamh
Glao Oscailte le haghaidh Dhámhachtain Stiúideo Theach Bád Loch Sionnaigh 2025 Tá áthas ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall iarratais a lorg le haghaidh Dhámhachtain Stiúideo Theach Bád Loch Sionnaigh. Is dámhachtain cónaitheachta stiúideo í sin atá oscailte d’amharc-ealaíontóirí gairmiúla atá ag obair in aon mheán. Leis an deis seo, tairgtear dámhachtain €20,000 agus stiúideo lánchistithe ar feadh tréimhse naoi mí dar tosach mí Mheán Fómhair 2025.
Trí Ghrúpa Fhine Gall chun páirt a ghlachadh i gComórtas Ómós Áite IPB, 2025 Déanfaidh Thrive Balbriggan, Pobal Ghleann na hAbhann agus Ráth Aingil i Sord, agus Tionscadal Bithéagsúlachta Lóiste Chúil Mhín i mBaile Átha Cliath 15 ionadaíocht do Chomhairle Contae Fhine Gall i dtrí chatagóir dhifriúla nuair a thiocfaidh an fhoireann moltóireachta chuig an gcontae Dé Luain an 25 Lúnasa agus Dé Máirt an 26 Lúnasa.
Aimsigh Sráidbhaile Fhine Gall agus an tob-Ghaeltacht ag Blasanna Fhine Gall i mbliana Tá ríméad orainn Comhairle Contae Fhine Gall a chur ar taispeáint arís i mbliana ag Seó Bhlasanna Fhine Gall i dTeach an Droichid Nua, Domhnach Bat, an 5 Iúil agus an 6 Iúil ó 11am go dtí 6pm.
Tá fadhb theicniúil ag ár nAonad Seirbhíse do Chustaiméirí Tá fadhb theicniúil ag ár nAonad Seirbhíse do Chustaiméirí agus táimid ag obair ar réiteach. Tá glaoiteoirí chuig ár n-uimhir 01-8905000 á dtreorú chuig ár Seirbhís Lasmuigh d'Uaireanta Oifige a ghlacfaidh ainm agus uimhir agus a chuirfidh na sonraí ar aghaidh chuig ár nAonad Cúraim Chustaiméirí le haghaidh glao ar ais. Leanfaidh an tSeirbhís Lasmuigh d'Oifig ag déileáil le saincheisteanna Éigeandála. Is féidir teagmháil a dhéanamh lenár nAonad Cúraim Chustaiméirí fós trí ríomhphost ag [email protected] .
Filleann Blasanna Fhine Gall ar Fheirm an Droichid Nua le clár níos leithne do 2025 Tá an seó contae is mó in Éirinn le tosú arís, lán le radharcanna, fuaimeanna agus blasanna nua spreagúla a oireann do gach aois. Anois ina 13ú bliain, filleann Blasanna Fhine Gall ar thailte áille Theach agus Feirm Dhroichead Nua i nDomhnach Bat le haghaidh deireadh seachtaine lán de spleodar.
Scríbhneoirí áitiúla roghnaithe don Chlár Meantóireachta Náisiúnta Tá ceathrar scríbhneoirí áitiúla as Fine Gall - Teri Donaghy, Fiona McKay, Elaine Maguire O'Connor agus Rebecca D'Arcy - roghnaithe do Chlár Meantóireachta Náisiúnta 2025 .
Sceitimíní - High Rock Productions 2:30pm-3:30pm Rush Library Suitable for age 8 - 11 years. Booking is essential. Tagann eachtrán chuig bunscoil. Cad a thug anseo é? Conas ar tháinig sé? Níos tábhachtaí fós, conas a rachaidh sé abhaile arís?