Stiúideo Theach Bád Loch Sionnaigh

Loughshinny Boathouse Artists’ Studio

Glao Oscailte le haghaidh Dhámhachtain Stiúideo Theach Bád Loch Sionnaigh

Tá áthas ar Oifig Ealaíon Fhine Gall iarratais a lorg le haghaidh Dhámhachtain Stiúideo Theach Bád Loch Sionnaigh. Is dámhachtain cónaitheachta stiúideo í sin atá oscailte d’amharc-ealaíontóirí gairmiúla atá ag obair in aon mheán.  Gabhann leis an deis seo cónaitheacht íoctha naoi mí i dTeach Bád Loch Sionnaigh idir mí Mheán Fómhair 2025 agus mí na Bealtaine 2026. Is é aidhm na dámhachtana ná a chur ar chumas ealaíontóra/ealaíontóirí taighde a dhéanamh agus saothar nua a fhorbairt mar fhreagairt do thimpeallacht chósta Fhine Gall, agus díriú á leagan ar an mbithéagsúlacht agus ar an athrú aeráide.

Tá teach bád Loch Sionnaigh suite i suíomh álainn Loch Sionnaigh, atá ina shráidbhaile cósta atá suite idir an Ros agus na Sceirí i gContae Bhaile Átha Cliath Thuaidh.  Is é atá sa teach bád ná foirgneamh dhá fheidhm a fheidhmíonn mar stáisiún garda tarrthála idir mí an Mheithimh agus mí Lúnasa agus mar stiúideo d'ealaíontóirí idir mí Mheán Fómhair agus mí na Bealtaine.

Stiúideo lánchistithe, lena n-áirítear fóntais agus riarachán, atá sa chónaitheacht. Is fiú €20,000 an dámhachtain, a chuimsíonn táille ealaíontóra is ionann agus €15,000 agus suim €5,000 le haghaidh ábhair, léiriúchán, torthaí, costais doiciméadachta agus caidreamh le saineolaithe comhshaoil, más cuid de thogra an iarratasóra é sin, a chlúdach.

Cuirtear fáilte ar leith roimh iarratais ó ealaíontóirí ó phobail atá faoi ghannionadaíocht.

Tabhair faoi deara: Ní chuirtear cóiríocht ar fáil mar chuid den dámhachtain seo. Más gá, beidh ar an iarratasóir rathúil/na hiarratasóirí rathúla a gcóiríocht chónaithe féin a aimsiú.

Dáta Deiridh: Déardaoin an 31 Iúil 2025 ag 4.00pm.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, cliceáil ar an nasc chuig an achoimre.


Chun iarratas a dhéanamh, cliceáil ar an nasc thíos:
https://submit.link/3WO

De rogha air sin, déan teagmháil leis an Oifig Ealaíon ach ríomhphost a sheoladh chuig 



Nov 2018-Dec 2020 Recipients of Loughshinny Boathouse Residency

Loughshinny Boathouse Artists’ Studio Open Call