News

in
in
22 Aug 2021
Commemorations Programme 2021

Seoladh an Scannáin - Cé a Chaith an Sáirsint Kirwan?

Seolfaidh Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, scannán comórtha maidir le Cé a Chaith an Sáirsint Kirwan? an Aoine, 27 Lúnasa 2021, scannán atá anseo ina ndéantar athléiriú ar mhór-eachtra achrainn a tharla i mBaile Bachaille sa bhliain 1921 agus tionólfar an léiriú poiblí i Scoil Náisiúnta Bhaile Bachaille Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh.

06 Aug 2021

Cuairteoirí Speisialta chuig an gCéad Scoil Samhraidh Sacair de chuid an FAI i mBaile an Tirialaigh

Thug príomhchóitseálaí fhoireann sacair náisiúnta ban na hÉireann, Vera Pauw, chomh maith leis an gcóitseálaí cúlbáireachta, Jan Williem van Ede, cuairt ar an gcéad Scoil Samhraidh Sacair de chuid an FAI a cuireadh ar siúl i mBaile an Tirialaigh ar an 3 Lúnasa. Labhraíodar leis na leanaí a bhí páirteach, thugadar roinnt comhairle dóibh agus rinneadar roinnt cóitseála leo chomh maith. Táthar ag súil go dtabharfaidh a gcuairt spreagadh do na leanaí leanúint orthu ag imirt sacair agus ballraíocht a ghlacadh in Acadamh FC Bhaile an Tirialaigh atá le tosú i Meán Fómhair. 

06 Aug 2021
Bathing Water Quality

Fógra Toirmisc sealadach “Ná Snámh” curtha suas ag Trá Bhaile Brigín

Tabhair le fios le do thoil go bhfuil Fógra Toirmisc sealadach “Ná Snámh” curtha suas ag  Trá Bhaile Brigín mar gheall ar an mbaol go dtiocfaidh meath ar cháilíocht uisce de bharr ró-shreabhadh uisce stoirme ag stáisiún caidéalaithe tar éis titim trom báistí go háitiúil.