Tá Dúchasaigh na nAindéas ullamh do shéasúr na Nollag ag Teach an Droichid Nua

Cé go raibh Daidí na Nollag agus a réinfhianna ag ullmhú don oíche is gnóthaí sa bhliain, bhí go leor gníomhaíochta fós ann ag Teach agus Feirm an Droichid Nua an tseachtain seo a nuair a cuireadh clann iomlán alpacaí isteach leis an gcuid eile d’ainmhithe cónaitheacha Dhomhnach Bat chun cuidiú le spiorad na Nollag a scaipeadh i measc cuairteoirí.

New born Alpaca and family settle in for the festive season at Newbridge House Donabate

Cé go raibh Daidí na Nollag agus a réinfhianna ag ullmhú don oíche is gnóthaí sa bhliain, bhí go leor gníomhaíochta fós ann ag Teach agus Feirm an Droichid Nua an tseachtain seo a nuair a cuireadh clann iomlán alpacaí isteach leis an gcuid eile d’ainmhithe cónaitheacha Dhomhnach Bat chun cuidiú le spiorad na Nollag a scaipeadh i measc cuairteoirí.

Chun cur leis an ngliondar, tá leanbh alpaca nua – ar a dtugtar cria – tagtha isteach sa chlann agus tá an fhoireann ag Droichead Nua ag impí ar an bpobal cabhrú le hainm a thabhairt dó. Tá sé in éineacht lena Mham Lilly, a Dhaid Manny, agus a bheirt dheirfiúracha Beth agus Molly ag an suíomh oidhreachta íocónach i bhFine Gall. Beidh an teaghlach de chúigear ar taispeáint mar chuid den Turas Feirme agus eispéireas na Nollag agus beidh sé ag fanacht ag an bhfeirm don mhí seo chugainn.

Ceansaithe ag muintir Moche i bPeiriú thart ar 6,000 bliain ó shin, tá alpacaí ar fáil ar fud an domhain anois. Cothaithe ar mheascán d’alpacaí a dhéantar go speisialta, úll in aghaidh an lae agus roinnt féir, tá níos mó ná 20 dathanna de na hainmhithe clúmhacha seo. Chomh maith le bheith ina n-ainmhithe áille, éirmiúla, fiosracha  tá meas orthu mar cheann de na beostoic is luachmhaire ar fud an domhain. Mar chuid d’Fhine Camelid, tá siad gaolta go dlúth le lámaí agus tá cónaí orthu go hard sna hAindéis leis na mílte bliain, áit ina raibh siad mar chuid lárnach de shibhialtacht ársa na nInceach.

Dúirt Leas-Mhéara Fhine Gall, An Comhairleoir Daniel Whooley: “Is áit den scoth í Teach agus Feirm an Droichid Nua le cuairt a thabhairt uirthi ag am ar bith den bhliain, mar sin is dea-scéal iontach í a chloisteáil go bhfuil alpaca nua sa chlann alpacaí a roghnaigh ceiliúradh a dhéanamh ar shéasúr na Nollag linne i bhFine Gall. Anuas ar sin, tá deis iontach ann do dhuine smaoineamh ar ainm a d’oirfeadh dár gcónaitheoir is nuaí!”

Gheobhaidh buaiteoir an chomórtais ainmniúcháin pas teaghlaigh chuig Teach agus Feirm an Droichid Nua agus bronntanas ón Siopa Bronntanais Feirme. Ar an drochuair, fanfaidh an leanbh alpaca linn! Le cur isteach, tabhair cuairt ar leathanach Facebook an Droichid Nua: https://www.facebook.com/NewbridgeHouseandFarm/ agus bí san iomaíocht le buachaint. 

Baby 'cria' or Alpace joins the nativity at Newbridge House Donabate