Cuireann Fine Gall maoiniú ar fáil d’fhéilte agus d’imeachtaí 2022

 

Tá aitheantas tugtha ag Comhairle Contae Fhine Gall don ról lárnach atá ag na healaíona agus an cultúr sa phobal, mar d’fhógair sí go raibh sí ag tabhairt cuireadh arís do ghrúpaí agus d’eagraíochtaí sa Chontae iarratas a dhéanamh ar chúnamh airgeadais a bhfuil géarghá leis.  

Fingal Festival Funding Scheme Advert

Tá aitheantas tugtha ag Comhairle Contae Fhine Gall don ról lárnach atá ag na healaíona agus an cultúr sa phobal, mar d’fhógair sí go raibh sí ag tabhairt cuireadh arís do ghrúpaí agus d’eagraíochtaí sa Chontae iarratas a dhéanamh ar chúnamh airgeadais a bhfuil géarghá leis.  

Táthar ag súil go gcuirfidh an maoiniú – a bhreithneofar d’fhéilte agus d’imeachtaí a bheidh ar siúl i 2022 – borradh faoi ghrúpaí a thug aghaidh ar roinnt deacrachtaí agus dúshláin de dheasca paindéim an Choróinvíris.

Tá traidisiún láidir sa Chontae maidir le himeachtaí agus féilte a óstáil, a mheallann go leor acu cuairteoirí ó lasmuigh d’Fhine Gall agus a thugann buntáiste suntasach don gheilleagar turasóireachta áitiúil mar thoradh. Ceadaíodh an maoiniú nua ag cruinniú na Comhairle an tseachtain seo, agus thug Comhairleoirí moladh as an gciste a chur i bhfeidhm chun cabhrú le grúpaí pobail a spreagadh agus tacú leo.

Dúirt Stiúrthóir Turasóireachta agus Forbartha Cultúrtha Fhine Gall, Emer O'Gorman: “Tá a fhios againn ní hamháin go mbaineann buntáiste eacnamaíoch le tacú le himeachtaí agus féilte ar fud Fhine Gall ach go gcuidíonn sé freisin le pobail a nascadh níos fearr agus saol daoine a shaibhriú. Beidh sé sin thar a bheith tábhachtach agus sinn ag iarraidh deireadh a chur leis na hamanta fíordhúslánacha a bhí le sárú againn agus sinn ag tnúth le féilire imeachtaí spreagúla chun taitneamh a bhaint astu an bhliain seo chugainn.”

Tá trí shnáithe tacaíochta faoin bpacáiste airgeadais nua, gach ceann acu le leibhéal difiriúil maoinithe:

 

  • Snáithe 1: díreofar ar imeachtaí ar scála níos lú, a bheidh oiriúnach dóibh siúd a mheallfadh lucht féachana faoi bhun 1,000 duine. D’fhágfadh sin go gcuirfí uasmhéid de €4,500 ar fáil.
  • Snáithe 2: le haghaidh imeachtaí níos mó a mheallann lucht féachana de níos mó ná 1,000 duine, agus tá cistí suas le €15,000 ar fáil.
  • Snáithe 3: dírithe ar na grúpaí sin atá ag féachaint ar indéantacht agus inbhuanaitheacht fadtéarmach féile nó imeachta, agus deonaítear deontais suas le €7,500.

Is féidir tuilleadh sonraí faoi na snáitheanna éagsúla atá ar fáil agus a bhfuil riachtanach agus iarratas á dhéanamh ar mhaoiniú ar fáil ar láithreán gréasáin na Comhairle: https://www.fingal.ie/festivalandevents2022.

Caithfidh iarrthóirí rathúla freastal ar mhodúl oiliúna Féile agus Imeachtaí Chomhairle Contae Fhine Gall (a bheidh ar fáil i Márta 2022) a chuimseoidh ábhair mar mhargaíocht, cumarsáid agus árachas, treoirlínte branda Chomhairle Contae Fhine Gall agus sláinte agus sábháilteacht.

Is é an dáta deiridh d’iarratais ná 4 Feabhra 2022.

 

 

Newbridge House Event