Bí ar an eolas gur eisíodh Fógra Sealadach Ná Snámh inniu do Thrá Theas Rois ar feadh 72 uair. Tá sé seo amhlaidh mar gheall ar an mbaol go dtiocfaidh meath ar cháilíocht uisce mar gheall ar éigeandáil róshreafa séarachais de bharr cliseadh caidéil.
Tá tarscaoileadh rátaí tráchtála 100% i bhfeidhm ar feadh tréimhse 6 mhí ón 27 Márta 2020 go dtí an 27 Meán Fómhair 2020 maidir le gach íocóir rátaí seachas i gcás líon beag catagóirí.
Tabhair le fios le do thoil go bhfuil Fógra Toirmisc sealadach “Ná Snámh” curtha suas ag An Trá Mhín, Port Mearnóg le haghaidh 72 uair an chloig de bharr ró-shreabhadh uisce stoirme ag stáisiún caidéalaithe tar éis titim trom báistí ar maidin.
D'athdhearbhaigh Comhairle Contae Fhine Gall a tiomantas tacú agus cúnamh a thabhairt do ghnóthaí áitiúla i ndiaidh fógairt an Rialtais maidir leis an bpacáiste Spreagthaí de luach €7.4bn lena leagtar amach raon beart atá dírithe ar dhlús a chur faoin ngeilleagar tar éis na paindéime Covid-19.
Osclaíodh an Mol Cruthaitheachta ‘Not So Different/Níl Mórán Difríochta’, an chéad cheann dá leithéid in Éirinn, inniu i Leabharlann Bhaile Bhlainséir.
Rinneadh athbhreithniú le déanaí ar scéim chiste éigeandála COVID-19 chun costais um Fhilleadh Sábháilte ar Ghníomhaíocht Phobail a cheadú agus tá sé oscailte le haghaidh iarratas go dtí Aoine an 31ú Iúil 2020 ag 5i.n.
Tá an Chomhairle Oidhreachta ag éileamh ar leanaí ar fud na tíre úsáid mhaith a bhaint as a gcuid samhlaíochta an samhradh seo trí bhrící LEGO ® a úsáid chun an sampla is fearr leo d’oidhreacht thógtha, nádúrtha nó chultúrtha na hÉireann a athchruthú.
Tá na cnámhiarsmaí ársa a aimsíodh i bPáirc Ghleann na hAbhann, Sord níos luaithe i mbliana aisghafa anois agus tá anailís speisialtóra á dhéanamh orthu anois.
Cúpla mí cruaidh a bhí ann do gach duine lena n-áirítear iad siúd atá bainteach leis na healaíona ach a bhuíochas le spiorad troda phobal na n-ealaíontóirí, beidh féile phéintéireachta Plein Air Bhaile Átha Cliath na bliana seo ar siúl ó Luan an 20ú go Domhnach an 26ú Iúil agus tabharfaidh sé ealaíontóirí le chéile ó gach cearn den tír chun péinteáil lasmuigh (en plein air) mórthimpeall Fhine Gall.
FinInné, i bhFionnghlas, thug Comhairle Contae Fhine Gall faoi mhóroibríocht Feithiclí a bhfuil a Ré Caite (FRC) ag Lána Dhún Sinche, móroibríocht a raibh 80 pearsanra páirteach inti.