Fógra Sealadach 'Ná Snámh' eisithe do Thrá Theas Rois

rush do not swim

Bí ar an eolas gur eisíodh Fógra Sealadach Ná Snámh inniu do Thrá Theas Rois ar feadh 72 uair. Tá sé seo amhlaidh mar gheall ar an mbaol go dtiocfaidh meath ar cháilíocht uisce mar gheall ar éigeandáil róshreafa séarachais de bharr cliseadh caidéil. Tá deireadh leis an róshreabhadh anois.

Tógfar sampla uisce farraige inniu, an 29 Iúil agus beidh torthaí na hanailíse saotharlainne ar fáil an 31 Iúil 31ú nuair a dhéanfar athbhreithniú ar an bhfógra Ná Snámh.

Tá an fós ar oscailt ach iarrtar ar úsáideoirí trá cloí leis an an bhfógra ‘Ná Snámh’ mar cuireadh i bhfeidhm é chun a chinntiú nach gcuirtear sláinte snámhóirí i mbaol.

Is féidir le baill an phobail cáilíocht an uisce ag aon cheann de na huiscí snámha a ndéantar monatóireacht orthu in Éirinn a sheiceáil roimh ré trí rochtain a fháil ar láithreán gréasáin an EPA ag www.beaches.ie nó tríd an gclár fógraí ag an mbealach isteach chuig gach trá a sheiceáil.