Eisíodh Fógraí sealadacha Ná Snámh inniu do Thrá Theas na Sceirí agus Loch Sionnaigh

Tabhair ar aird gur eisíodh Fógraí sealadacha Ná Snámh inniu do Thrá Theas na Sceirí agus Loch Sionnaigh ar feadh 72 uair mar gheall ar mhéadú leibhéal na mbaictéar a fuarthas sa sampla uisce a tógadh Dé Luain an 27 Iúil.

Loughshinny

Tabhair ar aird gur eisíodh Fógraí sealadacha Ná Snámh inniu do Thrá Theas na Sceirí agus Loch Sionnaigh ar feadh 72 uair mar gheall ar mhéadú leibhéal na mbaictéar a fuarthas sa sampla uisce a tógadh Dé Luain an 27 Iúil.

Ba í an chúis is dóichí ná éilliú ó ainmhithe, éin, gníomhaíocht uirbeach nó talmhaíochta chuig uiscí dromchla.

Fuarthas toradh samplaí monatóireachta ar cháilíocht Uisce Snámha a tógadh Dé Luain an 27 Iúil ar maidin. Bhain na torthaí an caighdeán “sármhaith” amach do na huiscí snámha aitheanta go léir ach amháin na Sceirí, an Trá Theas agus Trá Loch Sionnaigh a chomhlíon an dá stádas “dona”.

Mar thoradh air sin tá fógraí Toirmisc (Ná Snámh) curtha suas ag an dá thrá. Tógadh ath-samplaí inniu agus beidh torthaí ar fáil an 31 Iúil, 2020.

Bhí stádas “leordhóthanach” ag an uisce snámha neamh-aitheanta ag Trá Mhullach Íde (bratach dhearg) agus tá ath-shampláil á déanamh uirthi inniu freisin.

Tá na tránna fós ar oscailt ach iarrtar ar úsáideoirí trá cloí leis an an bhfógra ‘Ná Snámh’ mar cuireadh i bhfeidhm é chun a chinntiú nach gcuirtear sláinte snámhóirí i mbaol.

Is féidir le baill an phobail cáilíocht an uisce ag aon cheann de na huiscí snámha a ndéantar monatóireacht orthu in Éirinn a sheiceáil roimh ré trí rochtain a fháil ar láithreán gréasáin an EPA ag www.beaches.ie nó tríd an gclár fógraí ag an mbealach isteach chuig gach trá a sheiceáil.

 

 

Loughshinny