Events

10 Jun 2023
Cruinniú na nÓg

Glúin Ceoil Fhine Gall

Mar chuid den tionscadal Glúin Ceoil Fhine Gall, beidh trí cheardlann saor in aisce ar siúl Dé Sathairn an 10 Meitheamh le haghaidh Chruinniú na nÓg i dTeach Bhurgúine, Sord:

10 Jun 2023
Cruinniú na nÓg

‘Finscéalta na hÉireann’ Irish Legends

Treoróidh déantóirí amharclainne gairmiúla Sean agus Niall McDonagh ó High Rock Productions leanaí Scoil an Duinnínigh agus Gaelscoil Bhrian Bóroimhe (Sord) chun sceitsí amharclainne uathúla dá gcuid féin a chruthú bunaithe ar sheanfhinscéalta na hÉireann.

10 Jun 2023
Cruinniú na nÓg

‘Ón dtalamh’ From the Earth

Beidh an t-ealaíontóir Edel Clarkson ag treorú leanaí Scoil Náisiúnta Naomh Lúcáis, Baile an Tirialaigh, chun taisceolaíocht a dhéanamh ar bhithéagsúlacht áitiúil agus déanamh ceirmeach.

10 Jun 2023
Cruinniú na nÓg

Meicnic Neimhe (Celestial Mechanics)

Cuireann Meicnic Neimhe taithí foghlama ar fáil do leanaí trí mheán na heolaíochta chomh maith le meán na hamharcealaíona. Glacfaidh an t-ealaíontóir Aileen Murphy, an t-ealaíontóir/oideachasóir Mary Jo Gilligan, agus an t-eolaí An tOllamh Peter Gallagher páirt sa theagmháil seo ar leith le leanaí idir 10-12 bnliain d’aois. Tar éis cuairt a thabhairt ar Réadlann Dhún Sinche

10 Jun 2023
Cruinniú na nÓg

​​​​​​​‘Buille Nua’ A New Beat

Cuirfidh Buille Nua eispéireas foghlama ar fáil ar an mbodhrán, sa rince comhaimseartha agus sa ghluaiseacht do dhaoine óga idir 12 – 18 mbliana d’aois ag Ionad Ealaíon Séamus Ennis

10 Jun 2023
Cruinniú na nÓg

Cruinniú na nÓg 2023 i bhFine Gall

Is tionscnamh suaitheanta é Cruinniú na nÓg de chuid Phlean Óige Chruthaitheach Chlár Éire Ildánach chun cumas cruthaitheach leanaí agus daoine óga a chumasú. I mbliana beidh sé ar siúl Dé Sathairn 10 Meitheamh. I gclár na bliana seo a thabharfaidh ár nOifig Leabharlanna agus Ealaíon i bhFine Gall chugat, beidh ceiliúradh lae ar chruthaitheacht i bPáirc na Mílaoise, Baile Bhlainséir chomh maith le himeachtaí inár mBrainse Leabharlanna, Scoileanna agus Ionaid Ealaíne. Chun sonraí ar fad a fháil faoi na himeachtaí ar fad, féach Cruinniú na nÓg 2023

10 Jun 2023
Cruinniú na nÓg

Déan Scannán ar d’Fhón Póca; Ceardlann le Createschool

Ón nóiméad a bhíonn an smaoineamh agat go dtí go bhfuil físeán iontach á roinnt agat le do chairde, sa ‘bhlascheardlann’ seo atá á reáchtáil ag Createschool, rachaidh tú tríd na céimeanna ar bhealach spraoiúil, teagmhálach  Leabharlann Bhaile Brigín10am-12pm, Leabharlann Mhullach Íde 2pm-4pm

 

 

10 Jun 2023
Cruinniú na nÓg

Ceardlann Fhíodóireachta le Saileach Chill Mhantáin

Bí le Aoife ó Shaileach Chill Mhantáin agus foghlaim conas Iasc a fhí as Saileach! Rachaimid tríd na céimeanna leat ionas go mbeidh tú ábalta éisc ildaite iontacha a thabhairt abhaile leat. Leabharlann Shoird 10:30am-11:30am.

10 Jun 2023
Cruinniú na nÓg

Ceardlann Bricks4Kidz Lego

Cur chuige foghlama samhlaíoch, ilchéadfach agus spraíúil atá i Bricks 4 Kidz a chuireann taithí dinimiciúil na foghlama ar fáil do do chuid pháistí.

10 Jun 2023
Cruinniú na nÓg

Cairde Flip Fleap le Niamh Sharkey agus Mary Murphy

Déan cara fillte, flipe, fleapa! Téigh i gcomhar leis na húdair agus na maisitheoirí Niamh Sharkey agus Mary Murphy chun cairde greannmhara, measctha agait féin a chruthú. Oiriúnach don lucht in aois 7 – 10 mbliain.