‘Ón dtalamh’ From the Earth

Beidh an t-ealaíontóir Edel Clarkson ag treorú leanaí Scoil Náisiúnta Naomh Lúcáis, Baile an Tirialaigh, chun taisceolaíocht a dhéanamh ar bhithéagsúlacht áitiúil agus déanamh ceirmeach. Beidh imscrúdú tosaigh agus samhlú ar fhiadhúlra na háite mar bhonn eolais do dhearadh na bpíosaí ceirmeacha a shuiteálfar ar thailte na scoile le linn ceiliúrtha ar an Satharn 10ú Meitheamh, de Chruinniú na nÓg. Thar thréimhse ceithre seachtaine foghlaimeoidh na leanaí faoi shaothar an ealaíontóra seo, agus conas dul i ngleic leis an dúlra trí ealaín. Díreoidh ceardlanna phraiticiúla ar líníocht bhreathnaitheach, marla, tógáil agus teicnící gloinithe. Tabharfar cuireadh do thuismitheoirí agus don phobal níos leithne teacht le chéile Dé Sathairn an 10ú lá de Mheitheamh chun ceiliúradh a dhéanamh ar shuiteáil saothar ealaíne nua-chruthaithe ag na leanaí agus an t-ealaíontóir.

From the Earth.jpg