​​​​​​​‘Buille Nua’ A New Beat

Cuirfidh Buille Nua eispéireas foghlama ar fáil ar an mbodhrán, sa rince comhaimseartha agus sa ghluaiseacht do dhaoine óga idir 12 – 18 mbliana d’aois. Trí shraith ceardlann arna seachadadh ag an gceoltóir gairmiúil Robbie Walsh agus an cóiréagrafaí Roisin Whelan, bainfidh rannpháirtithe sult as an eispéireas spraoiúil a bhaineann leis an dá chineál ealaíne a thabhairt le chéile, a chríochnóidh le seóthaispeántas ar stáitse i nGairdín an Phíobaire in Ionad Ealaíon Séamus Ennis ar ócáid Chruinniú na nÓg, Dé Sathairn 10ú Meitheamh. Beidh na ceardlanna ar siúl tráthnóna Dé Sathairn ó 6 Bealtaine go 10 Meitheamh. Tuilleadh eolais agus sonraí faoi conas a bheith páirteach ar shuíomh Gréasáin Ionad Ealaíon Séamus Ennis  A New Beat | TSEAC

A New Beat