‘Finscéalta na hÉireann’ Irish Legends

Treoróidh déantóirí amharclainne gairmiúla Sean agus Niall McDonagh ó High Rock Productions leanaí Scoil an Duinnínigh agus Gaelscoil Bhrian Bóroimhe (Sord) chun sceitsí amharclainne uathúla dá gcuid féin a chruthú bunaithe ar sheanfhinscéalta na hÉireann. Tabharfar deis do leanaí scéalaíocht agus taibhiú a fhiosrú trí shraith ceardlann cruthaitheach a chuirfear ar fáil trí Ghaeilge agus le linn uaireanta scoile. Cuirfidh na leanaí agus na healaíontóirí seóthaispeántas dá saothar le chéile i láthair san Óstán Carnegie Court i Sord ar ócáid Chruinniú na nÓg, Dé Sathairn 10ú Meitheamh.  

Tá an imeacht seo ar oscailt do theaghlaigh agus do chairde na bpáistí siúd atá pairt á ghlacadh acu. Tá na ceardlanna seo dírithe ar pháistí bunscoile rang a 5/6.

Is tionscadal é Finscéalta na hÉireann le Sean agus Niall McDonagh as High Rock Productions agus arna choimisiúnú ag Oifig Ealaíon Fhine Gall ar ócáid Chruinniú na nÓg 2023.

Irish Legends