Meicnic Neimhe (Celestial Mechanics)

Cuireann Meicnic Neimhe taithí foghlama ar fáil do leanaí trí mheán na heolaíochta chomh maith le meán na hamharcealaíona. Glacfaidh an t-ealaíontóir Aileen Murphy, an t-ealaíontóir/oideachasóir Mary Jo Gilligan, agus an t-eolaí An tOllamh Peter Gallagher páirt sa theagmháil seo ar leith le leanaí idir 10-12 bnliain d’aois. Tar éis cuairt a thabhairt ar Réadlann Dhún Sinche, an t-aon Institiúid Ard-Léinn in Éirinn, stiúrrófar na páistí chun sraith pictiúirí agus/nó líníochtaí móra a dhéanamh atá bunaithe ar théamaí na réalteolaíochta, lena dtaispeáint ag Réadlann Dhún Sinche le haghaidh Chruinniú na nÓg Dé Sathairn an 10 Meitheamh.  Tá an tionscadal seo á chur ar fáil do lucht páirtíochta leanaí scoile (rang 5) le cuireadh ó scoil Deis áitiúil.

Is tionscadal é Meicnic Neimhe leis an gcoimeádaí Rayne Booth ó Superprojects, leis na healaíontóirí Aileen Murphy agus Mary Jo Gilligan, agus leis an Ollamh Peter Gallagher ó IALBÁC agus arna choimisiúnú ag Oifig Ealaíon Fhine Gall ar ócáid Chruinniú na nÓg 2023.

Celestial Mechanics.jpg