Events

29 Feb 2020
Music

K.G.B - Paddy Keenan, Frankie Gavin & Dermot Byrne

Tá aithne forleathan ar an triúr seo i dtaca le ceol na hÉireann de mar cheoltóirí aonair agus mar bhaill de chuid de na mbannaí ceoil is clúití sa tír araon ó chomh fada siar leis na 1970idí  go dtí an lá atá inniu ann. Tá a lán gradam buaite acu go léir agus tá ról fíorthábhachtach imeartha acu i gceol traidisiúnta na hÉireann.

05 Mar 2020
Music

Seó Ómóis The Dubliners - All For Me Grog

Nuair a chuaigh an seó 'All For Me Grog', atá bunaithe sa Ghaillimh, ar camchuairt in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe don chéad uair, sheas an slua chun bualadh bos a thabhairt. Tá amhráin agus scéal an bhanna ceoil tíre is cáiliúla in Éirinn, The Dubliners, le cloisteáil sa seó. 
 

06 Mar 2020
Music

The 4 of us Beo ag Ionad Seamus Ennis

**Cuireadh an dara dáta leis mar gheall ar an éileamh iontach!**

Tá fáilte mhór á chur roimh na deartháireacha Uí Mhurchú arís go dtí an SEAC, tar éis camchuairt ollmhór sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn le sár-réalta ceol tíre Fairport Convention, agus mar aíonna speisialta ag an mbanna ceoil is déanaí de chuid Robert Plant, Saving Grace.

10 Mar 2020
musical

Honk! an Ceoldráma

Honk! Is leagan ceoil é seo den scéal The Ugly Duckling le Hans Christian Anderson. Tá an ceoldráma suite faoin tuath agus tá sé bunaithe ar an éan eala, Ugly.

14 Mar 2020
Music

Greenshine beo ag Ionad Seamus Ennis

Tar éis sraith iontach de cheolchoirmeacha agus d’fhéilte nach raibh ticéad ar bith fágtha dóibh chun a n-albam is déanaí 'Family' a láinseáil, cuirtear fáilte mhór ar ais roimh an dtriúr ó Chorcaigh chuig an SEAC.

24 Mar 2020

Scaoileann Oifig Spóirt Fhine Gall le físeáin Bhabhta Traenála sa Bhaile.

Tugtar treoir céim ar chéim duit sna físeáin trí bhabhtaí áisiúla traenála is féidir leat a dhéanamh sa bhaile - ní theastaíonn aon trealamh!

Cuirtear na seisiúin aclaíochta seo ar fáil trí Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall ar mhaithe le cuspóirí oideachais agus treorach amháin. Ba cheart go mbeadh riocht maith fisiciúil ort agus ba cheart go mbeifeá in ann páirt a ghlacadh san aclaíocht. Ba cheart tabhairt faoi aon bhabhtaí traenála sa bhaile, a eascraíonn as an tsraith físeán seo a dhéanann tú, ar bhealach freagrach. Cuimhnigh, má bhraitheann tú aon phian nó gearranáil fad a bhíonn aclaíocht ar siúl agat, stop láithreach bonn.

13 Apr 2020

Ireland Performs - Cur i láthair ar líne

Tá FACEBOOK Ireland le Culture Ireland, an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta tagtha le chéile chun tacú le cur i láthair beo ealaíontóirí Éireannacha (i mBéarla nó i nGaeilge). Déantar imeachtaí a shruthú trí bhealaí meáin shóisialta an ealaíontóra agus déanfar iad ar leathanach Facebook Chultúr Éireann freisin - gach eolas féach: https://events.cultureireland.ie/events/

 

 

 

 

30 Apr 2020

Draíocht Imeachtaí ar líne

Nuair atá imeachtaí curtha at athló tá go leor ar fáil ar line ar féidir leat a dhéanamh sa bhaile agus is féidir leat féachaint ar imeachtaí a tharla roimhe seo ar line freisin.

11 May 2020

MarathonFamilies-Rith le Chéile

Sé bliana ó shin, d’oibrigh Comhairle Contae Fhine Gall agus MarathonKids Ireland le chéile chun an clár MarathonKids a fhorbairt agus anuraidh rith 3,300 leanbh bunscoile i bhFine Gall maratón (42Km) ar scoil thar thréimhse 8 seachtaine.  Tá MarathonKids ag athrú go dtí MarathonFamilies agus is féidir é a dhéanamh laistigh de raon 5km ón mbaile, ag tosú Dé Luain an 11 Bealtaine. 

18 May 2020
Libraries OnLine

Tógáil acmhainneachta le haghaidh amanta dúshlánacha le Jill Barrett (Cuid 1)

Sa chéad chuid den tsraith ceithre chuid seo faoi acmhainneacht, labhrann Barry ó Leabharlann Bhaile Bhlainséir le Jill Barrett, Cóitseálaí Feidhmiúcháin Feidhmíochta agus Ceannaireachta, faoi na cineálacha éagsúla acmhainneachta, agus tugann sí roinnt leideanna praiticiúla maidir le conas d’acmhainneacht féin a thógáil.

18 May 2020
Libraries OnLine

Aireachas le Rita O'Donovan (Cuid 1)

Sa bhfíseán seo, labhrann an múinteoir aireachais faoi aire a thabhairt dár meabhairshláinte sna hamanta deacra seo agus taispeánann sí cleachtadh aireachais chun cabhrú linn a bheith níos feasaí faoi na rudaí atá ár gcoirp á rá linn.