Seó Ómóis The Dubliners - All For Me Grog

Á chur i láthair ag The Liberties - Amhráin agus scéal The Dubliners

DÉARDAOIN 5 MÁRTA 2020 8PM Príomh-Halla // € 20 / €18 lamháltas

Nuair a chuaigh an seó 'All For Me Grog', atá bunaithe sa Ghaillimh, ar camchuairt in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe don chéad uair, sheas an slua chun bualadh bos a thabhairt. Tá amhráin agus scéal an bhanna ceoil tíre is cáiliúla in Éirinn, The Dubliners, le cloisteáil sa seó. 
Arna chur i láthair ag The Liberties, is mór an onóir dóibh scéal The Dubliners, atá go mór i mbéal an phobail le blianta fada, a insint le cumhacht agus dínit don chéad uair. B'iad ceoltóirí bunaidh an bhanna ná Ronnie Drew, Luke Kelly, Barney McKenna, Ciaran Burke agus John Sheehan. Tugtar beocht do cheol an bhanna ag baint úsáide as na huirlísí ceoil agus na hamhráin chéanna mar aon le glórtha comhchosúla. Tá cruinneas dochreidte ag baint leis an seó seo atá bunaithe ar The Dubliners
, a bhain cáil idirnáisiúnta amach. 

Tá The Black Velvet Band, McAlpines Fusiliers, The Spanish Lady, The Irish Rover, The Auld Triangle, The Parting Glass agus, ar ndóigh, an t-amhrán is mó a bhain cáil idirnáisiúnta amach do The Dubliners - Seven Drunken Nights - mar aon le móramhráin eile, le cloisteáil sa seó. Beidh tú ag bualadh bos, ag greadadh cos agus ag canadh in éineacht leis an mbanna agus iad ag canadh na n-amhrán mór le rá le linn an tseó spreagúil seo a mhaireann dhá uair an chloig.