MarathonFamilies-Rith le Chéile

Sé bliana ó shin, d’oibrigh Comhairle Contae Fhine Gall agus MarathonKids Ireland le chéile chun an clár MarathonKids a fhorbairt agus anuraidh rith 3,300 leanbh bunscoile i bhFine Gall maratón (42Km) ar scoil thar thréimhse 8 seachtaine.  Tá MarathonKids ag athrú go dtí MarathonFamilies agus is féidir é a dhéanamh laistigh de raon 5km ón mbaile, ag tosú Dé Luain an 11 Bealtaine.  

marathon families

Tá sé mar aidhm ag an gclár MarathonFamilies spreagadh a thabhairt do theaghlaigh rith le chéile agus an deis seo a thapú chun dúshlán a thabhairt do do theaghlach iomlán Maratón a dhéanamh le chéile, cibé an gciallaíonn sé sin maratón an duine a dhéanamh nó ceann amháin a dhéanamh mar ghrúpa.  

Faoi threoirlínte an rialtais tá sé tábhachtach go bhfanfaidh daoine laistigh de raon 5km óna mbaile agus cé go rithfidh na rannpháirtithe 42km chun maratón a chur i gcrích is é an fad is mó a chaithfidh duine a rith in aon lá amháin ná 2.7km. 

Cláraigh anseo  ?

https://learning.fingal.ie/enrol/index.php?id=155
Leigh tuilleadh anseo: Seolann Oifig Spóirt Fhine Gall MarathonFamilies 2020