Seolann Oifig Spóirt Fhine Gall MarathonFamilies 2020

Tá MarathonKids ag athrú go dtí MarathonFamilies agus is féidir é a dhéanamh laistigh de raon 5km ón mbaile, ag tosú Dé Luain an 11 Bealtaine.

marathon families

Sé bliana ó shin, d’oibrigh Comhairle Contae Fhine Gall agus MarathonKids Ireland le chéile chun an clár MarathonKids a fhorbairt agus anuraidh rith 3,300 leanbh bunscoile i bhFine Gall maratón (42Km) ar scoil thar thréimhse 8 seachtaine. Mar gheall ar an athrú mór atá tagtha ar an saol, tá an clár á oiriúnú againn chun freastal ar an saol a bhfuilimid ag maireachtáil ann, agus ar na srianta atá curtha orainn. Tá MarathonKids ag athrú go dtí MarathonFamilies agus is féidir é a dhéanamh laistigh de raon 5km ón mbaile, ag tosú Dé Luain an 11 Bealtaine.  

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O'Brien “Ba mhaith liom an Oifig Spóirt a mholadh as an obair go léir a dhéanann sí chun Spórt a chur chun cinn sa chontae. Déanann Comhairle Contae Fhine Gall iarracht a bheith nuálaíoch agus ar thús cadhnaíochta i bhForbairt Spóirt agus is léiriú air sin an clár seo. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun aitheantas a thabhairt do MarathonKids Ireland as tacú agus cúnamh a thabhairt dár nOifig Spóirt an clár seo a fhorbairt agus tá súil agam go mbainfidh go leor teaghlach leas as."  

Tá sé mar aidhm ag an gclár MarathonFamilies spreagadh a thabhairt do theaghlaigh rith le chéile agus an deis seo a thapú chun dúshlán a thabhairt do do theaghlach iomlán Maratón a dhéanamh le chéile, cibé an gciallaíonn sé sin maratón an duine a dhéanamh nó ceann amháin a dhéanamh mar ghrúpa.  

Faoi threoirlínte an rialtais tá sé tábhachtach go bhfanfaidh daoine laistigh de raon 5km óna mbaile agus cé go rithfidh na rannpháirtithe 42km chun maratón a chur i gcrích is é an fad is mó a chaithfidh duine a rith in aon lá amháin ná 2.7km.   

Is féidir MarathonFamilies a dhéanamh ar 4 bhealach:  

 7 lá sa tseachtain - ag siúl/ag jogáil achair níos giorra thar 8 seachtaine (Tosaitheoirí agus/nó leanaí óga)                                  

 5 lá sa tseachtain - meánachair thar 8 seachtaine (daoine atá beagán gníomhach/a bhíonn ag traenáil go rialta)                                                  

 3 lá sa tseachtain - meánachair nó achair fhada thar 8 seachtaine (daoine atá gníomhach agus a bhíonn ag traenáil go rialta)

 Mearchlár - Má tá do chuid ama teoranta nó má tá leanaí beaga agat, tá rogha agat leagan carnach a dhéanamh i measc do theaghlaigh chun freastal ar riachtanais do theaghlaigh.

Dúirt Margaret Geraghty, Stiúrthóir Tithíochta & Pobail, ‘Bímid ag tnúth le MarathonKids gach bliain agus tá sé ar cheann de bhuaicphointí ár bhféilire imeachtaí. Fáiltím roimh thiomantas ár bhfoirne spóirt teacht ar smaoineamh nua i mbliana ionas gur féidir le teaghlaigh páirt a ghlacadh san imeacht seo. Tá súil agam go gcláróidh go leor teaghlach le bheith páirteach agus go mbeidh an-spraoi ag gach duine agus muid go léir ag cloí le treoirlínte sláinte poiblí chun fanacht slán agus sábháilte'.

Dúirt Oifigeach Spóirt & Oideachais Chomhairle Contae Fhine Gall, Stephen Mc Ginn “Tacaím go mór leis an gclár MarathonKids agus is rud é a d’fhéadfadh a bheith i ngach scoil sa tír. Ba bhreá liom teaghlaigh ar fud Fhine Gall agus go deimhin ar fud na hÉireann a fheiceáil ag clárú le MarathonFamilies mar bíonn sé níos éasca i gcónaí aclaíocht a dhéanamh le chéile seachas leat féin. Tá sé iontach go bhfuil Curadh na hEorpa David Gillick páirteach sa tionscadal agus é ag tacú leis an leagan nua den chlár MarathonKids mar go gcabhróidh duine leis an stádas sin le aird a tharraingt ar na buntáistí a bhaineann le daoine a bheith níos gníomhaí agus a bheith páirteach in aclaíocht."

Chun clárú don chlár téigh chuig: https://learning.fingal.ie agus téigh go dtí an chuid 'Be Active at Home'