The 4 of us Beo ag Ionad Seamus Ennis

**Cuireadh an dara dáta leis mar gheall ar an éileamh iontach!**

Tá fáilte mhór á chur roimh na deartháireacha Uí Mhurchú arís go dtí an SEAC, tar éis camchuairt ollmhór sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn le sár-réalta ceol tíre Fairport Convention, agus mar aíonna speisialta ag an mbanna ceoil is déanaí de chuid Robert Plant, Saving Grace.

I measc scéalta agus smaointí atá fíorghreannmhar go minic ó Brendan Murphy ar an tríocha bliain atá caite ag an mbanna i ndomhan an cheoil, beidh na seanamhráin ar fad le cloisteáil, ar nós Mary, Drag My Bad Name Down agus Sunlight, chomh maith le rianta óna n-albam criticiúil is déanaí, Sugar Island.

Mar thoradh ar rath an albaim is déanaí seo (a dúirt irishleabhar Hot Press ina leith go raibh sé 'thar barr'), maraon le cúl-chatalóg amhrán an bhanna a bhfuil gradaim bainte amach aici agus ainmniú an bhanna i liostaí mór le rá ar nós ‘Na Deich mBannaí Éireannacha Is Fearr Riamh’ de chuid TV3 agus ‘Na Cúig Shingil Éireannach Is Fearr’ de chuid Today FM, bhí sraith léirithe beo ag an mbanna le déanaí nach raibh ticéad ar bith fágtha dóibh agus fuaireadar léirmheasanna den scoth."Ní rabhas riamh cheana ag gig a raibh an t-atmaisféar chomh spleodrach ann” - Irish News

"Tá na roghanna amhrán ionraic, cuireann siad an slua faoi gheasa agus is meabhrúchán tráthúil iad de líon na n-amhrán maith atá acu. Tá úire agus beocht den scoth ag baint lena leabhar amhrán" - Irish Independent

Tá na ticéid teoranta. Cuir in áirithe go luath roimh ré iad le do thoil, chun díomá a sheachaint. Doirse Oscailte: 8:00i.n.
Ag Tosnú ar: 8:30i.n.

Cead Isteach:

Roimh ré: €25 / €22

Ag an doras: €27 / €24

Láithreán gréasáin: https://the4ofus.com