Pleanáil

Comhairliúchán réamhphleanála

Bainistíocht Forbartha

Comhairliúchán Réamhphleanála

Is é an aidhm atá le comhairliúcháin réamhphleanála ná deis a thabhairt d'iarratasóirí comhairle a lorg ón Údarás Pleanála maidir le forbairt atá beartaithe.  D'fhéadfadh go ndéanfaí spriocanna agus beartais ábhartha an phlean forbartha a d'fhéadfadh tionchar a bheith acu ar chinneadh an iarratasóra a chur in iúl mar chuid den chomhairle seo.

 

Is féidir comhairliúcháin réamhphleanála a eagrú sa chás go mbeadh suim ag an té sa talamh lena mbaineann agus sa chás gur mhaith leis/léi dul i gcomhairle maidir le forbairt atá beartaithe nó maidir le hiarratas pleanála a dhéanfaí amach anseo, is é sin, moladh sonrach. Ní dhéileálfaidh an tÚdarás Pleanála le fiosruithe atá tuairimeach, ná le ceisteanna a bhaineann le láithreáin atá ar díol ná fiosruithe ina bhfuil comhairle á lorg i dtaca le hacmhainn forbartha tailte. I gcásanna mar sin, ba cheart don iarratasóir breathnú ar Phlean Forbartha Contae Fhine Gall / ar an bplean ceantair áitiúil agus/nó comhairle ghairmiúil chuí a lorg.

 

D'fhéadfaí go gcuirfear an comhairliúchán réamhphleanála ar fáil via glao gutháin, comhfhreagras nó ríomhphost nó cruinniú, ar brath ar scála agus ar chastacht na forbartha.

 

Moltar duit breathnú ar Phlean Forbartha Contae Fhine Gall 2017-2023 agus léarscáileanna gaolmhara sula ndéanfaidh tú d'iarratas réamhphleanála, de bharr go bhféadfadh an-chuid den fhaisnéis ábhartha pleanála a bheidh ag teastáil uait maidir leis an bhforbairt atá beartaithe agat a bheith le fáil ann. 

 

Tugtar comhairle réamhphleanála de mheon macánta agus gan dochar do bhreithniú foirmiúil aon iarratais phleanála a dhéantar ina dhiaidh sin. Luaitear in Alt 247(3) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú, "ní dochar comhchomhairliúcháin a dhéanamh do chomhlíonadh aon fheidhmeanna eile dá chuid ag Údarás Pleanála faoin Acht seo nó faoi aon rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo agus ní féidir brath air sa phróiseas foirmiúil pleanála ná in imeachtaí dlíthiúla."

 

Conas a Dhéanaim Comhairliúchán Réamhphleanála a Eagrú?

Is féidir iarrataí ar chomhairliúcháin a dhéanamh ar an bpost chuig an seoladh thíos nó ar ríomhphost chuig [email protected] agus ní mór na doiciméid seo a leanas a bheith san áireamh:

 

 

Ná seol iarrataí réamhphleanála chuig seoltaí ríomhphoist ball foirne aonair, le do thoil. Iarrtar é seo d'fhonn cinnte a dhéanamh go ndéanfar gach iarraidh a fháil, a thaifead agus a athbhreithniú sa Rannóg Pleanála.
 

Treoirdhoiciméid eile lena mBreithniú mar chuid den Phróiseas Réamhphleanála

Moltar d'iarratasóirí breathnú ar a leanas sula gcuireann siad iarratas isteach:

 

  • Dearadh Uilíoch

Nóta Faisnéise Chomhairle Contae Fhine Gall maidir le Dearadh Uilíoch

 

  • Treoirdhoiciméad Bonneagair Ghlais Ghoirm Chomhairle Contae Fhine Gall agus aguisíní gaolmhara.

Aguisín A - Ráiteas Dearaidh um Bhainistiú Uisce Dromchla

Aguisín B - Bileog Chéimlathais Fhine Gall um Roghnú Córas Draenála Uirbeach Inbhuanaithe (SuDS)

Aguisín C - Ráiteas Ceantar

Seicliosta maidir le Riosca i gcás Tuilte Rev0 Nollaig 2020

 

Coinnigh Glas É - Straitéis maidir le Spás Oscailte d'Fhine Gall - Aguisíní

 

 

Aguisín 3 - Riachtanais Banna Fhine Gall

Aguisín 4 - Seicliosta maidir le Glacadh ar Láimh

Aguisín 5 - Foirm Iarrata maidir le Glacadh ar Láimh

Aguisín 6 - Sonraíocht GaL maidir le Bóthair.

Aguisín 7 - Sonraíocht Theicniúil maidir le Bonneagar Iompair

Aguisín 8 - Sonraíocht GaL maidir le Uisce Dromchla.

Aguisín 9 - Sonraíocht GaL maidir le Soilsiú Poiblí.

Aguisín 10 - Sonraíocht GaL maidir le Spásanna Oscailte agus Limistéir Thírdhreachtaithe

Aguisín 11 - Riachtanais Comhaid Sábháilteachta Chomhairle Contae Fhine Gall

Aguisín 12 - Líníocht Shamplach maidir le Glacadh ar Láimh

Aguisín 13 – Sonraíocht Comharthaíochta Eastáit

Aguisín 14 – Sonraíocht Bonneagair Ghoirm/Ghlais

Aguisín 15 – Foirm Iarrata Pobalbhreithe maidir le Glacadh ar Láimh

 

 

Forbairtí Tithíochta Straitéiseacha

Chun comhairliúchán réamhphleanála maidir le Forbairt Tithíochta Straitéiseach a fháil, cliceáil anseo  

 

Sonraí Teagmhála

Déan teagmháil leis an Rannóg Pleanála ag

Ríomhphost:           [email protected]
Teileafón: (01) 8905000

 

Tabhair cuairt orainn ag an gcuntar pleanála nó seol faisnéis ar an bpost chuig:

 

An Rannóg Pleanála, Halla an Chontae, an Phríomhshráid, Sord, Fine Gall, Co. Bhaile Átha Cliath
Uaireanta Oscailte: Luan go Déardaoin: 9.30am go 5pm agus Dé hAoine 9 - 4.30pm.