Clár an Chéid 2016

Bhí Clár an Chéid 2016 réadtiomnaithe mar fhreagra ar smaointe agus moltaí a d’eascraigh ó chruinnithe comhairleoireachta poiblí i 2015 ina raibh teaghlaigh leo sin a bhain le Fine Gall in Éirí Amach 1916, baill an tSochaí Comórtha Sean-IRA Fhine Gall, sochaithe staire, grúpaí pobail, ealaíontóirí agus an pobal mór. 

fingal 2016 centenary

Clár an Chéid Fhine Gall 2016 ag seachadadh réimse leathan saibhir ócáidí chun ómós a thabhairt ar na fir agus mná Fhine Gall a chabhraigh leis an streachailt ar son saoirse na hÉireann le linn Seachtain na Cásca 1916.  Agus muid ag cur na staire le chéile agus á cur i láthair trí mheáin éagsúla agus ó dhearcthaí éagsúla, beidh muid in ann é a choinneáil i gcuimhne do na glúinte inár ndiaidh, agus beidh ár bpobal ilghnéitheach in ann idirghníomhú ar bhealach suntasach le heachtraí casta na tréimhse sin.

 Eachtraí agus Tograí:

  • Ócáid Long Cheannais - Lá Comórtha an Chéid 1916 ar an 24ú Aibreáin 2016 (dáta an 100ú comóradh ar Dhomhnach na Cásca 1916)
  • Searmanas Fleascleagain i gCill Dhéagláin ar 28 Márta 2016 (Luan na Cásca)
  • Sraith Léacht 
  • Seiminéar “An Réabhlóid i gComhthéacs”
  • Laethanta Earra Cuimhneacháin Fhine Gall i Mullach Íde, Baile Bhlainséir agus Baile Brigín

 

Tionscadal Mobile Mouments

 

Cáipéisí Gaolmhara

Scéal Fhine Gall 1916

Scéal ar leith é an ról a d’imir Fine Gall sa streachailt ar son saoirse na hÉireann agus is gá é a insint. Chun ómós a thabhairt don ról a imir fir agus mná Fhine Gall in eachtraí 1916 agus an scéal sin a roinnt, chuir an Comhairle clár leathan le chéile i gcomhair Comórtha an Chéid 1916 Fhine Gall bunaithe ar an scéal sin.

Fingal 1916 Story

(Grianghraf de Bhaill an 5ú Cathláin - Briogáid Fhine Gall. Grianghraf le Bernadette Marks) 

D’imir fir agus mná Fhine Gall ról tábhachtach i streachailt ar son saoirse na hÉireann le linn Seachtain na Cásca 1916.  Bhí cuid mhaith den eachtraíocht a tharla i bhFine Gall bainteach le bearta an 5ú Cathláin le hÓglaigh na hÉireann (Briogáid Fhine Gall), faoi cheannasaíocht Thomas Ashe agus lárnaithe timpeall Sord agus tuaisceart na tíre.  Bhí an Cúigiú Cathlán comhdhéanta le comhlachtaí ó Sord, Lusca, na Sceirí agus San Maighréad.  Le linn na seachtaine, bhog na fir go leanúnach ó champa go campa le billéid i bhFionnghlas, Cill Fhéich, Baile an Bhallúnaigh agus An Scioból Nua. 

Rinneadh ionsaithe ag Briogáid Fhine Gall ar línte cumarsáide agus fothaithe, chomh maith le bairic an Royal Irish Constabulary (RIC).  Rinneadh iarrachtaí chun an droichead iarnróid a phléascadh thar Inbhear Bhaile Roiséar agus damáiste a chur ar líne iarnróid i mBaile Bhlainséir agus Cabra.  Rinneadh ionsaí ar na bairic i Sord, Domhnach Bat, Baile Gháire agus go háirithe Cill Dhéagláin.  Tháinig clú ar an eachtra i gCill Dhéagláin dé hAoine an 28ú Aibreáin 1916 mar Cath Chill Dhéagláin, le fir gortaithe ar an dá thaobh agus go leor básanna sular ghéill an RIC.  I measc iad sin a fuair bás le linn an chatha nó ina dhiaidh mar gheall ar ghortuithe, áirítear ochtar fear RIC (Cigire Contae Alexander Gray, Cigire Ceantair Henry Smyth, Sáirsint John Shanagher, Sáirsint John Young, Constábla James Hickey, Constábla James Gormley, Constábla Richard McHale agus Constable James Cleary) agus beirt óglach (John Crenigan agus Thomas Rafferty).  Cé gur éirigh leis na hÓglaigh i gCill Dhéagláin dé Domhnaigh 30 Aibreáin 1916 i ndiaidh do cheannasaithe an Éirí Amach 1916 géilleadh i mBaile Átha Cliath, tugadh orduithe don chúigiú Cathlán a gcuid airm a chur síos freisin.  I dteannta le fir Bhriogáid Fhine Gall, bhí go leor mná gníomhach freisin ag déanamh spiadóireachta, ag gníomhú mar theachtairí, ag coinneáil gunnaí agus armlóin i bhfolach, ag tabhairt aire do na daoine gortaithe ann i ndiaidh Catha Chill Dhéagláin.  Áirítear ina measc Mary (Molly) Adrien. Thomasina agus Mary (Julia) Weston, mná ó theaghlach Lawless (Mary, Kathleen agus Eveleen), agus Monica Lawless (Dot Fleming). Léigh anseo an t-alt 2005 maidir leis na mná sin in Fingal Independent.   

Ghlac pobal Fhine Gall páirt freisin in eachtraí i mBaile Átha Cliath. Bhí fiche de na fir ón Chúigiú Cathlán seolta isteach go dtí an cathair chun troid i ndiaidh iarratais ar thacaíocht eisithe ag Séamas Uí Chonghaile go Thomas Ashe.  Bhí siad faoi cheannasaíocht Richard Coleman, cúpla duine bunaithe ag an GPO agus chuaigh an chuid is mó chuig Menedicity Institute, áit ina raibh duine amháin maraithe, Peter Wilson.  Chuaigh go leor Óglaigh a raibh cónaí orthu i mBaile Bhlainséir, Caisleán Cnuca agus ceantracha in aice láimhe isteach sna cathláin bunaithe sa chathair agus ní i bhFine Gall, agus dá bharr throid siad i gceantair laistigh de lár na cathrach, amhail Thomas Carty as Baile an Chairpintéaraigh, a raibh i nDrioglann Jameson i Lána Mhuire Mhaith.  Bhí baill ag aonad Airm Cathartha na hÉireann ó Bhaile Dúill, a raibh bunaithe in áiteanna timpeall na cathrach, agus d’fhreastail cuid acu le Michael Mallin ag Faiche Stiabhna.  Bhí ceann acu, James McCormack, maraithe ag Plás Beresford.

Bhí gníomhaíocht freisin i gceantar Tryllestown i bhFine Gall, in aice le Mullach Eadrad agus Baile Bhlainséir, ag fir ó Chathlán Dhún Dealgain, ar slógadh iad chun páirt a ghlacadh san Éirí Amach i mBaile Átha Cliath.  Chuaigh siad ar aghaidh chomh fada le Dún Búinne agus thug siad seilbh ar Theach Tyrrelstown i bhFine Gall ar feadh cúpla lá.

I ndiaidh an Éirí Amach, gabháladh beagnach 150 de mhuintir Fhine Gall agus seoladh iad chuig campa imtheorannaithe amhail Frongoch sa Bhreatain Bheag.  Uathu siúd a raibh pianbhreith choimeádta forchurtha orthu, chuaigh siad chuig príosúin i Sasana amhail Lewes, Usk nó Dartmoor.  Fuair an chuid is mó saoirse don Nollag 1916, agus an chuid eile lena n-áirítear príosúnaithe a fuair pianbhreith scaoilte roimh Mheitheamh 1917.  Fuair Thomas Ashe, ceannasaí an Chúigiú Cathláin, pianbhreith an bháis, ach bhí sé sin maolaithe go pianseirbhís.  Bhí sé seolta chuig Príosún Lewis agus bhí sé i measc iad sin a bhí scaoilte i Meitheamh 1917.  D’ainneoin sin, bhí sé gabháilte arís i Lúnasa 1917 agus cúisithe le ceannairc mar gheall ar churtha i láthair a thug sé ag an am sin i bPríosún Mhuinseo.  Chuaigh sé ar stailc ocrais agus fuair sé bás ar an 25 Mheán Fómhair 1917 i ndiaidh fothú in aghaidh a thola ag údaráis an phríosúin.  Fuair Richard Coleman bás i bpríosún freisin i ndiaidh dó a bheith gabháilte den dara uair freisin. Captaen leis an gCúigiú Cathlán ab ea é a throid i mBaile Átha Cliath.  Fuair sé bás ar an 9 Nollag 1918 i bPríosún Usk i ngeall ar niúmóine.  Scríobh Éamonn De Valera ó Phríosún Lincoln, nuair a chuala sé faoi bhás Coleman: “Agus d’imigh Dick Coleman bocht ar shlí na fírinne in éineacht lena chomrádaithe.  Is ró-mhór a chabhraigh Fine Gall linn.”

I gcomhair a thuilleadh eolais maidir le heachtraí ina raibh an Cúigiú Cathlán, féach an ceangaltán:  Alt Fhine Gall 1916 agus an Streachailt ar son Saoirse na hÉireann

Is féidir leat taighde a dhéanamh ar scéalaíocht uathu sin a ghlac páirt in Éirí Amach 1916 Rising ón mBailiúchán Pinsin Seirbhíse Míleata  

Foinsí Eolais

Acmhainní Chúrsaí Áitiúla Fhine Gall 1916

Is acmhainn iontach í an Leabharlann Cúrsaí Áitiúla agus Cartlainne i gcomhair taighdeora, múinteora agus cuairteora araon.  Coinnímid agus cuirimid ar fáil bailiúcháin cartlainne, príomh-fhoinsí agus foilseacháin, léarscáileanna, grianghraif agus ábhair gearrshaolacha a bhaineann le stair Contae Átha Cliath agus go háirithe Fine Gall. Coinnímid bailiúcháin bunpháipéir le go leor daoine bainteach leis an tréimhse 1914-1922, lena n-áirítear:

  • Páipéir Thomas Ashe, Richard Coleman, Edrawd Stafford agus Brigid Connolly.
  • Páipéir an teaghlaigh Hely-Hutchinson, beirt acu siúd a bhí ina n-oifigí an Chéad Chogaidh.

Chomh maith leis, cuirimid ar fáil go leor acmhainní nua a bhaineann go sonrach le 1916, amhail:

  • Taispeántas maidir le “Fine Gall agus an Streachailt ar son Saoirse na hÉireann” a mbeidh ar taispeáint ó Aibreán 2016 agus ina mbeidh scéalta le heachtraí áirithe i bhFine Gall agus le fir agus mná a bhí bainteach le hÉirí Amach na Cásca. 
  • Tá cartlann ar líne á forbairt faoi láthair le hoibiachtaí, grianghraif, litreacha agus scéalta roinnte ag Laethanta Earraí Cuimhneacháin 2016 agus a mbeidh ar fáil chomh luath agus is féidir.
  • Tá sraith Scéalta ó Bhéal Fhine Gall á cur leis an “mBailiúchán 1916”. Is bailiúchán é sin le taifid ó theaghlaigh na ndaoine bainteach leis an streachailt ar son saoirse na hÉireann.  Beidh sé sin seolta ar an 16 Feabhra 2016 agus beidh sé ar fáil ag ár n-áitribh i dTeach Chluain Meala, Bealach Forster, Sord. 

Téigh i dteagmháil linn chun coinne a shocrú agus cuairt a thabhairt ar Leabharlann Chúrsaí Áitiúla agus Cartlanna. 

 

Teidil Leabhair Comórtha 1913-1923

Bain taitneamh as na scéalta ón am sin lenár liosta tagairtí Teidil Comórtha 1913-1923, ina bhfuil foilseacháin ón Chéad Chogadh Domhanda agus ón Réabhlóid in Éirinn. 

Is féidir leat freisin a thuilleadh litríochta a aimsiú inár gCatalóg Leabharlainne Fhine Gall

 

Acmhainní Ginearálta

Suim agat foghlaim faoi do chúlra? Acmhainn ginealach saor in aisce is ea timeline.ie lena féidir leat a thuilleadh a fhoghlaim.  

 

Grúpaí Oidhreachta agus Sochaithe Fhine Gall

Aimsigh sonraí teagmhála nó naisc chuig gréasán sochaithe staire agus oidhreachta ar fud Fhine Gall, cuid mhór dóibh ag pleanáil ócáidí nó léachtaí bunaithe ar a dteagmhálaithe áitiúla 1916.   Déan clic anseo don eolas sin..

 

Institiúidí Náisiúnta

Breathnaigh ar shuíomh gréasáin go leor Institiúidí Náisiúnta, a bhfuil rannáin 1916 ar leith ag cuid acu, chun a thuilleadh a fháil amach faoin tréimhse sin amhail grianghraif stairiúla agus ráitis finnéithe súl.