Grúpaí agus cumainn oidhreachta

Heritage groups

Tugann Líonra Oidhreachta Fhine Gall grúpaí oidhreachta le chéile ó fud fad an chontae chun oibriú le chéile agus chun eolas agus acmhainní a thiomsú. Léiríonn an líonra freisin tuairimí a chuid ball agus féachann sé le déanamh beartas a threorú i gComhairle Contae Fhine Gall agus in eagraíochtaí ábhartha eile.

Tá ballraíocht de 11 chumann staire agus oidhreachta ag an líonra oidhreachta faoi láthair agus iad ag feidhmiú i mBaile Brigín, i gClochrán, i nDomhnach Bat, i mBinn Éadair, i bhFine Gall Thiar Theas (Baile Átha Cliath 15), i nGleann na Life, i Loch Sionnaigh agus sa Ros, i Lusca, i Mullach Íde, sna Sceirí agus i Sord.

Reáchtálann na cumainn raon éagsúil gníomhaíochtaí ina gceantair, lena n-áirítear siúlóidí, turais siúlóide agus taispeántais. I measc na ngníomhaíochtaí eile déantar athchóiriú ar áiteanna a bhfuil tábhacht stairiúil leo go háitiúil ar nós reiligí agus toibreacha beannaithe, agus eisítear foilseacháin ar an stair áitiúil. Eagraíonn formhór na gcumann imeacht uair sa mhí.

Cumann Staire Cheantar Bhaile Brigín.

Bíonn thart ar 6 caint in aghaidh na bliana ar siúl ag an gcumann, go hiondúil ar an gCéadaoin deiridh den mhí ag 8.00pm in Halla an Bhaile,  Baile Brigín agus bíonn turas lae agus siúlóidí staire acu freisin. 

www.balbrigganhistory.com 

email:   [email protected]  

 

Cumann Staire Chlochráin

Buaileann an cumann le chéile de ghnáth ar an Déardaoin deiridh den mhí ag 9.00pm sa Coachman’s Inn..

email:  [email protected]

 

Cumann Staire Dhomhnach Bat

Eagraíonn an cumann cainteanna ar feadh na bliana, seachas sa samhradh nuair a chuirtear siúlóidí stairiúla ar bun ina áit sinead.

email:  [email protected]

 

Cumann Oidhreachta Iardheisceart Fhine Gall

Buaileann an cumann le chéile de ghnáth ar an Satharn deiridh den mhí ag 2.00pm i Leabharlann Bhaile Bhlainséir.

www.BlanchardstownCastleknockhistorysociety.wordpress.com

 

Cumann Staire Leithinis Bhinn Éadair

Bíonn thart ar naoi gcaint in aghaidh na bliana ag an gcumann, ar an 4ú Máirt den mhí go hiondúil ag 8.00pm in Ionad Slatiascaireachta Bhinn Éadair.

www.howthheritage.com

 

Comhaontas Pháirc Ghleann na Life

Reáchtálann an cumann cainteanna ar an tríú Luan den mhí de ghnáth ag 8.00pm in Ionad Pharóiste Mhuire, Leamhcán.

http://www.sdcppn.ie/directory/liffey-valley-park-alliance/

 

Cumann Staire Loch Sionnaigh & an Rois

Bíonn cainteanna ar bun ag an gcumann ó mhí Dheireadh Fómhair go dtí mí an Mheithimh, ar an 4ú Déardaoin den mhí go hiondúil ag 8.15pm sa Strand Bar, an Ros.

www.loughshinnyvillage.com/HistoricalSociety.html

 

Grúpa Oidhreachta Lusca

 Tá sé mar aidhm ag an ngrúpa oidhreacht an cheantair a chur chun cinn trí scéalta mhuintir na háite a bhreacadh síos. Bíonn imeachtaí éagsúla ag an ngrúpa freisin ar feadh na bliana. .

www.luskheritage.com

 

Cumann Staire Mhullach Íde

Bíonn cainteanna ag an gcumann ar an dara Céadaoin den mhí ag 8pm ach amháin le linn na tréimhse ó mhí Mheitheamh go Meán Fómhair an dá mhí sin san áireamh i Halla na hEaglaise Preispitéireach ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath.

Tá músaem beag ag an gcumann i dTeach an Stíobhartaigh i gCaisleán Mhullach Íde. Bíonn sé ar oscailt um tráthnóna ag an deireadh seachtaine ó mhí an Mhárta go Deireadh Fómhair agus um thráthnóna i rith na seachtaine seachas Dé Luain le linn shéasúr na turasóireachta. Tá bailiúchán eicléicteach  de dhéantáin, grianghraif agus físeáin le feiceáil ann. Saorchead isteach.

www.malahideheritage.com

 

Cumann Staire na Sceirí

De ghnáth bíonn cainteanna ag an gcumann ó Mheán Fómhair go Meitheamh ar an dara Máirt den mhí ag 8.15pm i gClub Babhlála na Sceirí, in aice le carrchlós Supervalu na Sceirí.

www.oldskerries.ie/

 

Cumann Staire Shoird.

Reáchtálann an cumann músaem agus ionad oidhreachta i Leabharlann Carnegie, an tSráid Thuaidh, Sord ar laethanta na seachtaine ó 1.00pm go dtí 4.30pm. Reáchtálann an cumann Géineolaíocht Fhine Gall freisin, agus bíonn taighdeoirí ar fáil chun cuidiú leo sin a bhíonn ag iarraidh a mbunús agus a sinsear a aimsiú.

www.swordsheritage.com

Grúpa Staire Raven

Clúdaíonn an grúpa seo atá bunaithe sna Sceirí go leor gnéithe sa stair shóisialta agus sa stair traidisiúnta. Tá an grúpa comhdhéanta de bhaill ó go leor cumann i bhFine Gall chomh maith leo siúd a bhfuil spéis acu sna hábhair a chuimsítear i sraith léachtaí an Earraigh agus an Fhómhair. Chomh maith leis na cúrsaí deich seachtaine atá lonnaithe i gClubtheach CLG Skerries Harps díríonn an grúpa ar Chuimhneacháin, Ceardlanna, Léachtaí agus díospóireachtaí, Cuairteanna ar shuíomhanna stairiúla, Turais chuig ionaid áitiúla, ionaid náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá fáilte roimh chách.

 

Ríomhphost: [email protected]

 

Déan teagmháil le Líonra Oidhreachta Fhine Gall

[email protected]