30 Sep 2022
events

Féilire Imeachtaí 2022

 

Breathnaigh ar na himeachtaí iontacha go léir a bheidh ar siúl i bhFine Gall in 2022. Lean ár gcainéil Meáin Shóisialta le haghaidh eolais ar gach imeacht níos gaire don am.

02 Jun 2022
Heritage

Tionscadal Tuí Fhine Gall 2022

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag lorg do chúnamh chun scéal an tuí i bhFine Gall a ghabháil agus a chaomhnú do na glúnta atá le teacht, ó áitribh ceann tuí san am a chuaigh thart agus san am i láthair go dtí na daoine a chónaigh iontu agus na traidisiúin go léir a bhaineann leis an gcuid seo d’oidhreacht shaibhir Fhine Gall.

01 Jun 2022
Biodiversity

100 Gníomh Práinneach chun Caillteanas Bithéagsúlachta a Aisiompú faoi 2030

D'fhoilsigh Comhairle Contae Fhine Gall Dréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta d'Fhine Gall a chlúdaíonn 2022 go 2030. Leis an bplean seo, cuirtear clár uaillmhianach ar aghaidh de 100 gníomh a theastaíonn chun aghaidh a thabhairt ar chailliúint na bithéagsúlachta agus chun meath ar an mbithéagsúlacht a aisiompú faoi 2030.

11 Jun 2022
Cruinniú na nÓg

‘Bímis ag Imirt!’ san Ros

Tá lá súgartha an Ros ar an 11 Meitheamh mar chuid den cheiliúradh i bhFine Gall do Chruinniu na nOg. Díreoidh sé ar lúcháir an tsúgartha agus na cruthaitheachta, agus conas an spraoi agus an chruthaitheacht seo a spreagadh i gcroílár ár gcathracha agus ár mbailte.

27 May 2022
Cruinniú na nÓg

Caith roinnt ama ag obair ar Shaothar Ealaíne i rith mhí an Mheithimh.

Tá Cruinniú na nÓg 2022 á reáchtáil ar an 11 Meitheamh i mbliana agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar an tábhacht a bhaineann le healaín in oideachas luath-óige, tá Comhairle Contae Fhine Gall, Draíocht agus Éire Ildánach ag obair leis na hoideoirí ealaíne a bhfuil beart taithí acu, Anne Bradley agus Anne Cradden, chun Make Space a chur i láthair, spás saibhir do leanaí agus teaghlaigh chun tairbhe a bhaint as spraoi céadfach.