Clár Cruinniú na nÓg 2022 Fhine Gall

Féach thíos clár iomlán imeachtaí chun Cruinniu na nÓog- lá chun an chruthaitheacht i bpáistí agus daoine óga a cheiliúradh, ar siúl ar an 11 Meitheamh Cruinniú na nÓg 2022

Clár anseo Cruinniú na nÓg 2022 Brochure 

Cruinniú na nóg launch 2022

Tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall clár spreagúil agus éagsúil a fhógairt do Chruinniú na nÓg a bheidh ar siúl ar an 11 Meitheamh 2022. Tá Cruinniú na nÓg, lá bliantúil Éire Ildánach de ghníomhaíocht chruthaitheach saor in aisce do leanaí agus do dhaoine óga, ag dul ó neart go neart ó seoladh é in 2018. Is imeacht uathúil d’Éirinn é agus is é an príomhthionscnamh é den chlár Éire Ildánach Óige Ildánach a bhfuil sé mar aidhm aige “rochtain phraiticiúil a thabhairt do gach leanbh ar theagasc agus ar rannpháirtíocht sa cheol, sa drámaíocht, san ealaín agus sa chódúchán faoin mbliain 2022,”.

Agus í ag obair i gcomhpháirtíocht leis na 31 Údarás Áitiúil agus le tacaíocht ó RTÉ, oibríonn Éire Ildánach go dian dícheallach chun lá a chruthú inar féidir le teaghlaigh agus le daoine óga páirt a ghlacadh i raon leathan gníomhaíochtaí spraíúla cruthaitheacha atá saor in aisce.

Tá clár Chruinniú na nÓg de chuid Comhairle Contae Fhine Gall forbartha i gcomhar ag an bhfoireann Chruthaitheach & Chultúrtha atá comhdhéanta d'ionadaithe tras-rannacha le scileanna i go leor réimsí éagsúla saineolais. Is é toradh obair chrua na bhfoirne ná clár lán d'imeachtaí a chothóidh fiosracht, spéis agus samhlaíocht agus thar aon rud eile a thabharfaidh spreagadh do na daoine óga ar fud an chontae chun leas a bhaint as a dtaobh cruthaitheach agus spraoi a bheith acu.

Tá áthas orainn go bhfuil an clár beo le gné amuigh faoin aer i mbliana agus go mbeidh imeachtaí agus ceardlanna i ngach leabharlann i bhFine Gall ar fud an chontae ar nós ranganna códúcháin, scéalaíocht, líníocht manga, scríbhneoireacht chruthaitheach do dhéagóirí agus go leor eile.

Ag leanúint ón méid a baineadh amach leis an gCosán Scéalta a seoladh i gCaisleán Ard Giolláin anuraidh, cruthófar an dara cosán scéalta i bhFine Gall i gcoillte Chionn Iúir sa Ros agus leanfaidh sé scéal an údair Chris Judge as Baile Átha Cliath The Lonely Beast. Bhí glao oscailte ag oifig Ealaíon Fhine Gall ar thograí agus bronnadh ceithre thionscadal tríd an nglao seo. Tá sé mar aidhm ag na tionscadail seo dul i dteagmháil go cruthaitheach le daoine óga trí rochtain a chur ar fáil ar chleachtóirí ealaíon ar na caighdeáin is airde agus áirítear leo tionscadail i gcomhfhorbairt áite/ailtireacht, ceol agus ealaín idirghníomhach. Lá lán le cuimhní sona a bheidh i gCruinniú na nÓg 2022  do na teaghlaigh, na leanaí agus na daoine óga go léir a bheidh páirteach ann.

Tá sonraí iomlána an chláir, lena n-áirítear faisnéis faoi conas is féidir leat páirt a ghlacadh ann, ar fáil trí chliceáil ar https://www.fingal.ie/cruinniu-na-nog-2022 nó ar Chainéil Meáin Shóisialta Chomhairle Contae Fhine Gall.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comh. Seana O'Rodaigh “Tá ríméad orm clár imeachtaí Fhine Gall do Chruinniú na nÓg a sheoladh atá lán le héagsúlacht agus a chuirfidh sceitimíní ar dhaoine óga an chontae. Is cuid thábhachtach de na seirbhísí a chuireann Fine Gall ar fáil do dhaoine óga é an clár Cruinniú agus beidh rochtain ar ghníomhaíochtaí cruthaitheacha ar bhealach cuimsitheach agus inrochtana."

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall “Is léiriú é an clár atá á sheoladh do Cruinniu na nÓg ar an tiomantas agus ar an tsamhlaíocht a théann isteach ina fhorbairt.  Ó 2018 i leith, tá clár Cruinniu ina chuid lárnach de sceideal imeachtaí an tsamhraidh i bhFine Gall agus is deis iontach é do dhaoine óga go háirithe dul i ngleic leis an gcruthaitheacht.”

 

Cruinniú na nóg launch 2022