Tionscadal Tuí Fhine Gall 2022

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag lorg do chúnamh chun scéal an tuí i bhFine Gall a ghabháil agus a chaomhnú do na glúnta atá le teacht.

Skerries cottage thatch project

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag lorg do chúnamh chun scéal an tuí i bhFine Gall a ghabháil agus a chaomhnú do na glúnta atá le teacht, ó áitribh ceann tuí san am a chuaigh thart agus san am i láthair go dtí na daoine a chónaigh iontu agus na traidisiúin go léir a bhaineann leis an gcuid seo d’oidhreacht shaibhir Fhine Gall.

Bhí cáil ar Chontae Átha Cliath Thuaidh san am a chuaigh thart mar gheall ar a chuid foirgneamh tuí, go háirithe i gceantair na Sceirí agus an Rois. Mar sin féin, tá laghdú suntasach tagtha ar líon na dteach ceann tuí agus na dtithe atá ar marthain sa chontae. Is minic a rinneadh síneadh agus modhnú ar na struchtúir sin a tháinig slán; tá cleachtóirí tuí áitiúla ag dul in aois agus tá sé ag éirí níos deacra d’úinéirí a gcuid tuí a choinneáil agus a chothabháil in aghaidh saincheisteanna éagsúla lena n-áirítear éifeachtaí an t-athrú aeráide. Tá meas, áfach, ar oidhreacht an tuí i measc pobail áitiúla Fhine Gall agus grúpaí oidhreachta atá ag iarraidh bealach inrochtana chun a gcuid cuimhní cinn, grianghraif agus doiciméid a bhaineann leis an oidhreacht dhúchasach áirithe seo a roinnt.

Díreoidh Tionscadal Tuí Fhine Gall 2022 ar roinnt gnéithe chun scéal an tuí i bhFine Gall a thaifeadadh lena n-áirítear suirbhé ailtireachta, ceistneoir úinéara agus stair shóisialta. Tá Carrig Conservation International ceaptha chun suirbhé fisiceach a dhéanamh ar bheagnach 60 struchtúr tuí atá ar marthain i bhFine Gall. Déanfaidh an Charraig athbhreithniú freisin ar shuirbhéanna roimhe seo agus gheobhaidh siad tuairimí na n-úinéirí ar na buntáistí agus na deacrachtaí atá le sárú acu maidir le maireachtáil agus caomhnú an traidisiúin tuí.

 ‘Tá sé thar a bheith tábhachtach stair shóisialta an tuí a ghabháil’ a dúirt Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall, Christine Baker, ‘Cé hiad na tuíodóirí? Cén chaoi a raibh sé i do chónaí faoin tuí? Cad as a tháinig an tuí?. Táimid ag iarraidh ar phobail, ar theaghlaigh agus ar dhaoine aonair cóipeanna a dhéanamh dá ngrianghraif stairiúla, dá gcuimhní, dá scéalta, dá mbéaloideas agus de thraidisiúin a bhaineann le hoidhreacht tuí Fhine Gall. Tá sé beartaithe scéalléarscáil a chruthú de stair tuí Fhine Gall chun an t-eolas seo a chaomhnú agus a roinnt, anois agus do na glúine atá le teacht’.

Arsa Helena Bergin, Oifigeach Caomhantais Ailtireachta ‘Ag féachaint ar ghrianghraif stairiúla de bhailte agus de shráidbhailte ar nós na Sceirí, Binn Éadair, an Ros, Lusca, Cluain Saileach agus Caisleán Cnucha tá fianaise shoiléir ar an líon mór foirgneamh ceann tuí a bhíodh i bhFine Gall tráth agus cé chomh difriúil is atá an carachtar de na háiteanna sin le na sraitheanna de theachíní ceann tuí ar na sráideanna agus na bóithre. Soláthróidh an fhaisnéis a bhaileofar tríd an tionscadal reatha sonraí inchainníochtaithe ar riocht reatha an tuí i bhFine Gall a chabhróidh le forbairt beartais agus tacaíochtaí cuí amach anseo don chineál tógála sainiúil seo d’oidhreacht thógtha na hÉireann’.

Dúirt Sinead Hughes ó Carrig Conservation International ‘Tá lúcháir orainn a bheith ceaptha don tionscadal tábhachtach seo. Tabharfaidh suirbhéirí cuairt ar gach struchtúr ceann tuí agus déanfaidh siad taifead orthu agus labhróidh siad leis na húinéirí faoi na buntáistí agus na deacrachtaí a bhaineann le bheith mar choimeádaí ar na foirgnimh neamhchoitianta agus áille seo. Baileoidh an suirbhé faisnéis thábhachtach faoi struchtúir tuí a chabhróidh lena dtodhchaí fadtéarmach a chinntiú.

Má tá teach ceann tuí agat i gceantar Chontae Fhine Gall nó má tá fonn ort cur leis an tionscadal, seol ríomhphost le do thoil chuig [email protected] . Tacaíonn an Chomhairle Oidhreachta leis an tionscadal seo faoi Mhaoiniú an Phlean Oidhreachta Contae 2022.

Castleknock Thatch Project
Thatching detail thatch project