Geall triarach an Bhrait Ghoirm bainte amach ag Fine Gall. Aitheantas idirnáisiúnta dá cuid thránna

Déan Fine Gall a cheiliúradh as an mBrat Gorm breise a ghnóthaigh a cuid thránna agus as gradam dúbailte An Taisce a bhain Domhnach Bat amach mar cheann den chúig phríomhthra in Éirinn.

Raising a Blue Flag at Rush South

B'iontach an ócáid í do lucht leanúna chósta Fhine Gall nuair a bronnadh stádas uaschaighdeán an Bhrait Ghoirm ar thrí thrá maidir le cáilíocht an uisce agus le critéir lena n-áirítear na háiseanna do chuairteoirí, bainistíocht na trá agus an t-oideachas i leith an chomhshaoil.

Fuair dhá thrá – Trá Bhaile Carraig i nDomhnach Bat agus an Trá Theas sa Ros – an Brat Gorm clúiteach don chéad uair i mbliana, agus choinnigh Port Mearnóg an Brat atá aige le roinnt blianta anuas. Beidh áthas ar na cuairteoirí a thagann go Baile Carraig freisin mar go mbeidh Gradam an Chósta Glas á eitilt ar an trá gleoite seo i mbliana. Bronnadh Bratacha Gorma ar thart ar 90 trá san iomlán timpeall na hÉireann .

Trá Theas sa Ros- Físeán Ardú an Bhratach Ghorm (thíos)

Bronnadh Gradam an Bhratach Ghorm agus Gradam an Chósta Glas ar Thrá Dhomnach Bat-Físeán  (thíos)

 

Tá sé mar aidhm ag an ngradam Cósta Glas aitheantas a thabhairt do thránna a bhfuil cáilíocht den scoth an uisce acu agus an bainistíocht chuí chun timpeallacht an dúlra a chosaint. Baineann béim ar leith le rannpháirtíocht an phobail agus ní mór don údarás áitiúil gach trá a bhainistiú i gcomhar le grúpaí áitiúla an chósta ghlain.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh: “Cuireann sé áthas mór orm a chloisteáil faoi bhronnadh na mbrat gorm ar thránna Fhine Gall. Tá dhá cheann iontach nua againn i mbliana, le Baile na Carraige i nDomhnach Bat agus an Trá Theas sa Ros á aithint, agus is iontach an rud é go bhfuil a stádas coinnithe arís ag an Trá Mín i bPort Mearnóg. Is rud mór le rá é freisin gur bronnadh Gradam an Chósta Ghlais ar Thrá Bhaile na Carraige agus an t-aitheantas a thagann as do na tránna síud ar ardchaighdeán an chomhshaoil.

“Mar sin, do gach éinne againn ar breá leo an 88km gleoite dár gcósta, do gach éinne againn ar maith leo siúl ar an trá nó do gach éinne againn ar mhaith leo dul isteach san fharraige, is iontach an scéal é seo. Go raibh míle maith agaibh go léir sa Chomhairle agus sa phobal i gcoitinne as ucht a leithéid á bhaint amach agaibh.”

Chuir Stiúrthóir na nOibríochtaí Fine Gall, Mary T Daly, fáilte roimh an bhfógra: “Is aitheantas é an méadú ar líon na mBratach Gorm ar sárobair na Comhairle agus na ngrúpaí pobail áitiúla d'fhonn a chinntiú go ndéantar bainistíocht den scoth ar an gcaighdeán is airde ar ár gcuid tránna. Agus Séasúr an tSnámha le tosú ón 1 Meitheamh, táimid ag súil go mbainfidh níos mó daoine leas asna  tránna feadh chósta Fhine Gall agus, mar sin, léiríonn na duaiseanna seo atá buaite ag trí cinn acu an méid is féidir linn a thairiscint don phobal áitiúil agus do chuairteoirí araon”.

Faoi réir chlár idirnáisiúnta an Bhrait Ghoirm, ní mór do gach údarás áitiúil ar fud an domhain leanúint de na critéir ar leith a chomhlíonadh más mian leo stádas an bhrait ghoirm a choinneáil ar a gcuid tránna. I measc na dtreoirlínte sin tá an riail a bhaineann leis na madraí nó peataí siúd (seachas madraí cúnaimh) nach bhfuil ceadaithe ar thrá an Bhrat Ghoirm. Tá a leithéid thar a bheith tábhachtach maidir le cáilíocht uisce den scoth a chothabháil, agus tá fianaise an-mhór ann a cheanglaíonn éilliú an uisce snámha le cac madra. Léiríonn an anailís gur féidir le éilliú ar mhéid cúirt leadóige a bheith mar thoradh ar chac madra amháin a fhágtar ar an trá.

Tá beochan nua chun cur i gcuimhne d'úinéirí faoin drochthionchar is féidir a theacht as cac a gcuid madraí le fáil anseo: https://youtu.be/7bas6zvBmM4.

 

Picturesque Rush South Beach
beach-donabate-low-tide