Arts and Culture

20 Jun 2025

Cuma an tSamhraidh: Féile i Veain Fhine Gall,

Ag leanúint ar aghaidh ó chéad bhliain rathúil, tá Féile i Veain ar ais ar an mbóthar i mí an Mheithimh le Comhairle Contae Fhine Gall agus Éire Ildánach don leagan 2025 de Cuma an tSamhraidh: Féile i Veain Fhine Gall, turas sé lá a cheiliúrann na pobail agus na healaíontóirí 

arts

Comhairle Contae Fhine Gall, Tyrone Guthrie Centre agus Gradam Cónaitheachta Fhéile Bealtaine 2024

Tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall, i gcomhar le Tyrone Guthrie Centre agus Féile na Bealtaine, dhá chónaitheacht tionscnaimh, ar feadh míosa, a fhógairt sa Tyrone Guthrie Centre le linn Bealtaine 2024. Tá sé mar aidhm ag na cónaitheachtaí seo ómós a thabhairt d'ealaíontóirí níos sine agus tacú leo ag gach céim dá ngairmeacha beatha ag obair sa litríocht agus sna hamharcealaíona.

28 May 2020

Fanaimis Le Chéile: ‘An tInbhear’, chun ceiliúradh a dhéanamh ar 25 bliain de Bhailiúchán Ealaíne Bardasach Chomhairle Contae Fhine Gall Municipal Art Collection

Le haghaidh shruthphíosa na seachtaine seo den tsraith ‘Fanaimis le Chéile’, rinneamar cinneadh machnamh a dhéanamh ar an taispeántas dar teideal ‘An tInbhear’ a bhí ar siúl ó mhí Mheán Fómhair go dtí mí na Samhna an bhliain seo caite in Draíocht. Sa taispeántas suntasach seo, rinneadh ceiliúradh ar chothrom 25 bliain den Chomhairle agus dár mBailiúchán Ealaíne Bardasach a bheith ann.

27 May 2020
Art

Transcending Time: Suiteáil nua thumthach shoghluaiste dhigiteach do phobal Fhine Gall

Is é atá mar aidhm le “Transcending Time”, suiteáil nua thumthach shoghluaiste dhigiteach, ardú meanman a thabhairt do phobal Fhine Gall i rith phaindéim Covid-19 trí shaothar ealaíne spreagúil ar éileamh a thabhairt chomh fada le leac an dorais, trí theagmháil a dhéanamh leis an ealaíontóir Aoife Dunne ar shuíomh gréasáin an tionscadail www.transcendingtime.ie áit ar féidir iarratas a dhéanamh go dtabharfaidh an veain suiteála cuairt ar thithe ball den phobal.

21 Apr 2020
arts

Gairm Oscailte le haghaidh Stiúideo Ealaíontóirí Theach Bád Loch Sionnaigh

Tá áthas ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall an Ghairm Oscailte le haghaidh Stiúideo Ealaíontóirí Theach Bád Loch Sionnaigh a fhógairt. Rinneadh an teach bád seo a athchóiriú le déanaí. Tá sé lonnaithe i suíomh álainn i Loch Sionnaigh, ar sráidbhaile cois cósta é idir An Ros agus Na Sceirí. Mar gheall ar shuíomh fíorálainn an tí bád ar imeall an uisce agus ag ceann an chalaidh, cuireann sé spás oibre ar leith atá go hiomlán fóirdheonaithe ar fáil d'ealaíontóirí proifisiúnta.

28 Feb 2020
community

Cruinniú na nÓg 2020 Fhine Gall – Glao Oscailte

Tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall glao oscailte a fhógairt ar ealaíontóirí, ar chleachtóirí cruthaitheacha, ar eagraíochtaí ealaíon agus ar phobail chruthaitheacha/chultúrtha iarratais a chur isteach ar Chruinniú na nÓg 2020 mar chuid de Chlár Éire Ildánach Fhine Gall.