Fanaimis Le Chéile: ‘An tInbhear’, chun ceiliúradh a dhéanamh ar 25 bliain de Bhailiúchán Ealaíne Bardasach Chomhairle Contae Fhine Gall Municipal Art Collection

Estuary exhibition

Le haghaidh shruthphíosa na seachtaine seo den tsraith ‘Fanaimis le Chéile’, rinneamar cinneadh machnamh a dhéanamh ar an taispeántas dar teideal ‘An tInbhear’ a bhí ar siúl ó mhí Mheán Fómhair go dtí mí na Samhna an bhliain seo caite in Draíocht. Sa taispeántas suntasach seo, rinneadh ceiliúradh ar chothrom 25 bliain den Chomhairle agus dár mBailiúchán Ealaíne Bardasach a bheith ann.

Bhí clár fairsing den rannpháirtíocht phoiblí sa taispeántas agus rinneadh an dara himleabhar de chuid ‘Not in Alphabetical Order’a sheoladh ann chomh maith, foilseachán ina bhfuil béim leagtha ar na saothair is deireanaí le bheith curtha leis an mbailiúchán ag an gComhairle.
 

Sa ghearrscannán a bhfuil tú ar tí breathnú air, tugtar léargas ar an aistear a bhí i gceist chun ‘AN tINBHEAR’ a chur ar siúl agus ar chuile dhuine a bhí páirteach san aistear sin.

 

Seo é an séú sruth den tsraith Fanaimis Le Chéile agus is féidir teacht air ag seo: 

https://vimeo.com/423515284