Transcending Time: Suiteáil nua thumthach shoghluaiste dhigiteach do phobal Fhine Gall

Is é atá mar aidhm le “Transcending Time”, suiteáil nua thumthach shoghluaiste dhigiteach, ardú meanman a thabhairt do phobal Fhine Gall i rith phaindéim Covid-19 trí shaothar ealaíne spreagúil ar éileamh a thabhairt chomh fada le leac an dorais, trí theagmháil a dhéanamh leis an ealaíontóir Aoife Dunne ar shuíomh gréasáin an tionscadail www.transcendingtime.ie áit ar féidir iarratas a dhéanamh go dtabharfaidh an veain suiteála cuairt ar thithe ball den phobal.

 

Tá an coimisiún mothaitheach nua seo á chur ar fáil faoi Chlár Ealaín Phoiblí Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall agus is cuid den tionscnamh ‘Fanaimis le Chéile’ é.

Is í an ceannródaí físiúil, Aoife Dunne, cumadóir an taispeántais nua seo amuigh faoin aer. Is éard atá i gceist sa taispeántas seo go bhfuil ábhair ón domhan fisiciúil á n-athshamhlú ina ndearaí saincheaptha agus cruthúcháin 3T.

Beidh deis ag baill de phobal Fhine Gall iarratas a dhéanamh go dtabharfaidh an saothar ealaíne digiteach soghluaiste cuairt ar a dteach/ceantar féin, trí chuairt a thabhairt ar www.transcendingtime.ie.  

Ag tosú ar an Luan, an 8 Meitheamh, beidh an tsuiteáil Transcending Time amuigh ar an mbóthar ag tabhairt idir áiféis agus iontas chun beochta i seó taistil lán iontais.

Beidh deis ag baill de phobal Fhine Gall iarratas a dhéanamh go dtabharfaidh an tsuiteáil cuairt ar theach/ospidéal/ionad pobail trí theagmháil a dhéanamh le hAoife ar a suíomh gréasáin (féach thuas nó thíos), agus tá sí ag súil go mór le saol phobal Fhine Gall a dhéanamh níos gile agus níos bríomhaire trí eispéireas nua agus speisialta a chruthú a bheidh ina ábhar spéise agus cainte ag daoine fad is nach féidir leo dul i bhfad ó bhaile. Tá na Treoirlínte Sláinte & Sábháilteachta ábhartha ar fad curtha san áireamh ag an Ealaíontóir le linn di a bheith i mbun an tsaothair seo a fhorbairt.

Tá Oifig Ealaíon Fhine Gall tiomanta don fheachtas áitiúil agus náisiúnta “Táimid go léir sa Bhád Céanna”. Mar chuid den fheachtas seo tá Ranna ar fud Chomhairle Contae Fhine Gall ag soláthar raon clár agus feachtas chun tacú le sláinte fhisiciúil agus folláine mhothúchánach daoine i rith Covid 19, agus ag an am céanna tá siad ag leanúint lena gcuid oibre ar na cuspóirí mar atá leagtha amach i Straitéis Ealaíon 2019 – 2025: Daoine agus Smaointe a Thabhairt le Chéile agus Fine Gall a thabhairt chun Beochta trí na hEalaíona, a foilsíodh le déanaí.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Margaret Geraghty, Stiúrthóir Pobail agus Tithíochta Chomhairle Contae Fhine Gall: “Le linn dúinn a bheith ag cloí le treochlár an Rialtais chun an tsochaí agus gnóthaí a athoscailt, tá sé tábhachtach tacú le gníomhaíochtaí a chabhraíonn le sláinte fhisiciúil agus le folláine meabhairshláinte daoine. Is é an clár Folláine an dara céim den chlár Glao Pobail.”

“Tá Oifig Ealaíon Fhine Gall tiomanta do thionscnaimh folláine a chur ar fáil do phobal Fhine Gall agus is sampla iontach é an tionscamh ealaín phoiblí seo de shaothar ealaíne a thabhairt chomh fada le daoine nach mbeadh deis acu saothar ealaíne a fheiceáil de ghnáth.  Is tionscnamh thar a bheith spéisiúil é seo agus tá an Chomhairle lánsásta tacú leis.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Caroline Cowley, Comhordaitheoir Ealaín Phoiblí Chomhairle Contae Fhine Gall: “Cruthaítear Ealaín Phoiblí in áit ar leith ag am ar leith i gcónaí agus tá de chumas aici léargas a thabhairt ar an méid atá ag tarlú sa phobal i láthair na huaire agus braistint an phobail go háirithe nuair nach bhfuil saoirse ag an bpobal mar a bhí agus nuair atá athrú tagtha ar an saol mar a bhí. Mar chuid de Straitéis Ealaíon Fhine Gall 2019 – 2025 a seoladh le déanaí táimid ag cloí go dílis lenár bpríomhchuspóirí trí bharr feabhais a chumasú agus ag an am céanna tá daoine agus smaointe á dtabhairt le chéile, agus táimid ag leanúint ar aghaidh mar seo cibé bealach is féidir linn.”

Is suiteáil ealaíne 3T corraitheach é Transcending Time atá cruthaithe go sonrach don ré ina bhfuilimid ag maireachtáil anois, an ré ina bhfuil gach duine sáinnithe sa teach, buartha agus gan spreagadh. Rith sé leis an ealaíontóir Aoife Dunne gurbh fhiú saothar nua a chruthú a ardódh meanma an phobail, a thabharfadh na sráideanna chun beochta le brat dathanna.

Tá an chuma ar scéal go bhfuil ealaíontóirí ar fud an domhain ag dul i muinín na n-ardán digiteach chun oibriú le agus nascadh lena bpobail, ach bheartaigh Aoife rud beagán difriúil a dhéanamh agus an ealaín a thabhairt chomh fada leis an bpobal, agus aird á tabhairt aici ar na srianta maidir le scaradh sóisialta. Tá meascán de dhealbha, teicneolaíocht, fuaim agus taibhiú le fáil ina saothar, agus dá réir sin, d’fhorbair sí coincheap a oireann dá cleachtas féin ach arb ionann é chomh maith agus cur chuige níos spéisiúla ná úsáid a bhaint as an spás ar líne.

Beidh an saothar suíomhoiriúnaithe seo á thabhairt chomh fada le tithe phobal Fhine Gall thar thréimhse trí lá ar dtús, trí úsáid a bhaint as veain ar a bhfuil scáileáin dhigiteacha mhóra. Tá Aoife ag súil go gcuirfidh a saothar ildisciplíneach lucht féachana an cheantair faoi dhraíocht. Gan a comharthaí sóirt, na gnéithe físiúla agus fuaime diamhra, a ligean i ndearmad, deis a bheidh sa saothar seo leimhe na dianghlasála a ligean i ndearmad, agus tamall a chaitheamh i ndomhan draíochtúil na cruthaitheachta.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Aoife Dunne, ealaíontóir agus stiúrthóir ealaíne: “Táim ar bís go bhfuil deis agam an saothar seo a chruthú do mo phobal, ag tráth a bhfuil níos mó gá ná riamh leis an ealaín. Cé go bhfuil ealaíontóirí ar fud an domhain ag dul i muinín na n-ardán digiteach chun saothar nua a chruthú agus nascadh leis an bpobal, theastaigh uaim rud éigin a bhí beagán difriúil a dhéanamh agus saothar ealaíne a thabhairt chomh fada leis an bpobal. Tá an saothar seo 'Transcending Time' dírithe ar thuiscint, éalúchas agus fantaisíocht- scrúdú amharclainne ar an teorainn idir réaltacht agus útóipe. Táim fíorbhuíoch de Chomhairle Contae Fhine Gall as tacú le mo chleachtas ealaíne agus as cabhrú liom eispéireas uathúil, nua-aimseartha agus úrnua a chruthú.”

Beidh an taispeántas le feiceáil idir an 8 agus an 10 Meitheamh.

www.transcendingtime.ie / www.aoifedunne.com / www.arts.fingal.ie 

 

EOLAS FAOI AOIFE:

Is Ealaíontóir agus Stiúrthóir Ealaíne Ildisciplíneach í Aoife Dunne a chruthaíonn áiteanna súgartha atá tumthach, lán dathanna, draíochtúil, agus beo a chumascann an íomhá dhéthoiseach atá ag gluaiseacht le leagan amach tríthoiseach oibiachtaí i spás. Gnáthábhar cultúrtha an t-ábhar spreagtha atá aici, eagraíonn sí oibiachtaí agus patrúin, agus tugann sí an aduain chun beochta tríd an ngnáthshaol, trí áibhéil foirme agus datha. Níl scáth ná eagla uirthi gach cineál meán cruthaitheach a nascadh le (dealbha, teicneolaíocht, fuaim, taibhiú agus feisteas) teanga atá fréamhaithe sa saol iar-phop, iar-idirlín, agus a saothair ilchríochacha a úsáid chun daoine a mhealladh i dtreo an tsaoil fhíorúil agus fhisiciúil cluanach, mionsonraíoch. Dallraitheach agus dorcha ag an am céanna, léirítear sa mheascán osréalach na castachtaí, mianta, agus seachmaill shíceolaíocha atá fréamhaithe sa chultúr caipitlíoch déanach, agus léamh criticiúil ar réaltachtaí comhaimseartha, atá spleodrach agus áiféiseach chomh maith céanna. Tá cáil ar an dearthóir eispéireas seo i ngeall ar a saothar aeistéitiúil agus spreagúil sainiúil a dhéanann iarracht shíoraí teorainneacha na réaltachta agus na hútóipe a shárú.

 

EOLAS FAOI OIFIG EALAÍON CHOMHAIRLE CONTAE FHINE GALL / An Feachtas ‘Fanaimis le Chéile’:

Tá glactha go foirmiúil ag Comhairle Contae Fhine Gall le Plean Ealaíon a bhfuil sé mar aidhm leis cur ar chumas gach duine i bhFine Gall raon leathan eispéireas ealaíon agus cultúrtha a rochtain, éagsúlacht sa chleachtas ealaíne a chothú agus tacú le healaíontóirí ó chúlraí éagsúla. I mí Aibreáin i mbliana sheol an Chomhairle a feachtas nua ‘Fanaimis le Chéile’, feachtas a bhfuil sé mar aidhm ag Oifig Ealaíon Fhine Gall é a úsáid chun daoine agus smaointe a thabhairt le chéile i rith Covid-19. Sna seachtainí beaga amach romhainn, mar chuid den fheachtas seo, cuirfear roinnt tionscadal i láthair, lena n-áirítear tionscadal TRANSCENDING TIME Aoife Dunne, trína ardáin meán digiteach lena n-áirítear clinicí leanúnacha le hEalaíontóirí agus le Pobail, mar aon le sceideal de mhíreanna beo agus taifeadta a fhógrófar gach seachtain.

 

SUÍOMHANNA GRÉASÁIN: Transcendingtime.ie - iarratas a dhéanamh go dtabharfaidh an taispeántas cuairt ar do chomharsanacht.

Agus tá tuilleadh sonraí le fáil ag - Aoifedunne.com / www.fingalarts.ie

 

FACEBOOK: @fingalcountycouncil

TWITTER: @fingalcoco @fingalarts

INSTAGRAM: @efadone / @fingalpublicart @fingalcountycouncil