Fógraíonn Comhairle Contae Fhine Gall an Scéim Tacaíochta d'Ealaíontóirí, 2020.

Lorgaíonn Comhairle Contae Fhine Gall iarratais ar an Scéim Tacaíochta d'Ealaíontóirí 2020. Tugann an snáithe maoinithe seo deis d'ealaíontóirí proifisiúnta leas a bhaint as duais, ar fiú suas le €4,000 í, le haghaidh taistil agus deiseanna forbartha proifisiúnta, le haghaidh cónaitheachta, nó chun saothar a fhorbairt.

Fingal County Council's Artists' Support Scheme 2020 is now accepting applications.

Is é aidhm na Scéime Tacaíochta d'Ealaíontóirí tacaíocht a thabhairt d'ealaíontóirí proifisiúnta ó Fhine Gall forbairt a dhéanamh ar a gcleachtas ealaíonta. Is féidir le healaíontóirí atá ag cleachtadh ag gach céim a ngairme proifisiúnta a oibríonn i réimse an cheoil, in amharcealaín, drámaíocht, litríocht agus damhsa iarratas a chur isteach ar an duais, ar fiú €100,000 san iomlán í. Chun a bheith i dteideal iarratas a chur isteach, ní mór d'iarratasóirí na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh: rugadh iad i limistéar riaracháin Fhine Gall, rinne siad staidéar ann, nó tá cónaí orthu faoi láthair ann.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O'Brien: "Tá traidisiún láidir agus seanbhunaithe ag Fine Gall ó thaobh na healaíne agus na cruthaitheachta de. Tacóidh Scéim na Bliana 2020 lenár n-ealaíontóirí cur leis an traidisiún seo, traidisiún a shaibhríonn muid ar fad."

Seo a leanas a dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall faoin duais: "Tá ríméad orm an scéim mhaoinithe do 2020 a fhógairt, scéim a chumasaíonn ealaíontóirí atá bunaithe i bhFine Gall a gcleachtas proifisiúnta ealaíne a fhorbairt. Ar an iomlán, bronnadh €100,000 anuraidh ar 60 iarratasóir a oibríonn i ndisciplíní éagsúla tríd an snáithe sparánachta seo. Is mór ag Comhairle Contae Fhine Gall na healaíona i bhFine Gall agus táimid tiomanta d'infheistíocht a dhéanamh in ealaíontóirí agus tacaíocht a thabhairt dóibh."

Dúirt an Stiúrthóir Seirbhísí, Margaret Geraghty: "Tá traidisiún fada i bhFine Gall ó thaobh tacaíocht a thabhairt do dhaoine sna hEalaíona agus forbairt amach anseo a chumasú, agus leis an scéim mhaoinithe seo leantar ar aghaidh leis an tacaíocht sin d'ealaíontóirí proifisiúnta i bhFine Gall."

Tá an maoiniú ar fáil do thionscadail/tionscnaimh a bheidh ar siúl ó 1 Bealtaine - 31 Nollaig, 2020.  Is é an dáta deireadh a ghlacfar le hiarratais Dé hAoine, 28 Feabhra 2020 ag 4 p.m.

Le haghaidh tuilleadh eolais agus chun foirm iarratais a íoslódáil, féach le do thoil www.fingalarts.iewww.fingal.ie nó déan teagmháil le hOifig Ealaíon Fhine Gall: [email protected]   t: 01 890 5014 

2020 Tá iosta iomlán de na healaíontóirí ar bronnadh maoiniú orthu roimhe seo ar fáil ag an nasc seo: Glaoch Oscailte Scéim Tacaíochta dEalaiontoiri 

Sonraí an ghrianghrafadóra: Kristian Mantalvanos, POST-DANCE, 2019, Project Arts Centre, Baile Átha Cliath 

Sara Muthi (www.saramuthi.com) is a Fingal based writer and researcher who was awarded through the Artists’ Support Scheme last year. Funding was used towards the production of Post-Dance, a performance/lecture at The Project Arts Centre which sought to subvert expectations of what we consider to be dance, live-art, musical composition and audience.

Bronnadh maoiniú ar an scríbhneoir agus taighdeoir Sara Muthi atá bunaithe i bhFine Gall tríd an Scéim Tacaíochta d'Ealaíontóirí anuraidh. Úsáideadh an maoiniú le haghaidh Post-Dance a chríochnú, léiriú/léacht ag an Ionad Ealaíon Project. Bhí sé mar aidhm ag Post-Dance an méid a bhímid ag súil leis ó thaobh damhsa, ealaíne beo, cumadóireachta ceoil agus an luchta féachana de a chur as a riocht.

Sara Muthi's research primarily deals with performance art and how its definition is challenged by contemporary practices. Sara writes on, researches, commissions and curates performance independently and as part of "in:Action - Irish Live Art Review" (www.inaction.ie).

Den chuid is mó, pléann a cuid taighde le taibhealaín agus conas a thugann cleachtais nua-aimseartha dúshlán roimpi. Is go neamhspleách agus mar chuid de in:Action - Irish Live Art Review a scríobhann Sara, a dhéanann sí taighde, a choimisiúnaíonn sí agus a choimeádann sí taibhiú. Féach www.saramuthi.com       www.inaction.ie