Scéim Tacaíochta d’Ealaíontóirí Chomhairle Contae Fhine Gall

Artist Support Scheme

Tá fíoráthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall Scéim Tacaíochta d’Ealaíontóirí 2023 a fhógairt. Ligeann an snáithe maoinithe seo d’ealaíontóirí gairmiúla leas a bhaint as dámhachtain de suas le €5,000 i dtreo deiseanna taistil agus forbartha gairmiúla, cónaitheachta, nó chun saothar a fhorbairt.

Is é cuspóir na Scéime Tacaíochta d’Ealaíontóirí tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí gairmiúla aonair as Fine Gall a gcleachtas ealaíne a fhorbairt. Tá an dámhachtain oscailte d’ealaíontóirí atá ag cleachtadh ag gach céim dá ngairmeacha beatha ag obair i gceol, amharc-ealaín, drámaíocht, litríocht, scannánaíocht agus rince. Le bheith incháilithe le hiarratas a dhéanamh, ní mór gur rugadh iarrthóirí, go ndearna siad staidéar, nó go bhfuil cónaí orthu faoi láthair i gceantar riaracháin Fhine Gall.

Is le haghaidh tograí nó tionscnaimh a bheidh ar siúl idir 01 Bealtaine agus 31 Nollaig 2023 an maoiniú.

Is é an dáta deiridh chun iarratais a fháil Dé hAoine 24ú Feabhra 2023 ag 4in.

Ní cheadaítear ach aighneacht amháin in aghaidh an iarrthóra. Tá tú fós incháilithe chun iarratas a dhéanamh má fuair tú dámhachtain tríd an scéim roimhe seo. I mbliana tá Oifig Ealaíon Fhine Gall ag leanúint le hiarratais ar líne a lorg tríd an ardán Cuir Isteach.

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh cliceáil le do thoil ar an nasc thíos:

https://submit.link/1hk

Nó, déan teagmháil le Eoghan Finn ag an Oifig Ealaíon trí r-phost a chur chuig [email protected] nó glaoigh ar: 087 773 8427