Cruinniú na nÓg 2020 Fhine Gall – Glao Oscailte

Tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall glao oscailte a fhógairt ar ealaíontóirí, ar chleachtóirí cruthaitheacha, ar eagraíochtaí ealaíon agus ar phobail chruthaitheacha/chultúrtha iarratais a chur isteach ar Chruinniú na nÓg 2020 mar chuid de Chlár Éire Ildánach Fhine Gall.

Cruinniu na nÓg Kids Photo

Baineann an glao oscailte seo le gníomhaíochtaí, léirithe, léamha, ceardlanna, suiteáin ealaíne idirghníomhacha, srl. a bheidh ar siúl Dé Sathairn an 13 Meitheamh 2020 ar fud limistéar Fhine Gall. Is féidir imeachtaí aonuaire a chur ar siúl an 13 Meitheamh nó féadfaidh siad a bheith bunaithe ar thionscadail agus an toradh deiridh a thaispeáint ag imeacht poiblí saor in aisce an 13 Meitheamh.

Is imeacht uile-Éireann é Cruinniú na nÓg 2020 a dhéanann ceiliúradh ar agus a spreagann rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga i ngníomhaíochtaí ar nós ealaín, ceol, códú agus ceardlanna amharclainne, léirithe, taispeántais, léamha, scannáin agus i bhfad níos mó. Tá gach imeacht saor in aisce, áitiúil agus bunaithe ar gníomhaíocht. Is lá é chun nithe a dhéanamh agus a chruthú. Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag iarraidh clár leathan oibre a fhorbairt ar fud na bhfoirmeacha ealaíne go léir trí ghníomhaíochtaí, léirithe, ceardlanna forbartha nó tionscadail chruthaitheacha do dhaoine óga idir 0-18 mbliana d'aois. Ní mór go mbeach gach gníomhaíocht ar siúl ar fud cheantar Fhine Gall agus is féidir is a chur ar bun in ionaid phobail, i spásanna poiblí agus i bpáirceanna, scoileanna, leabharlanna agus in ionaid oiriúnacha eile.

Breithneofar gach foirm ealaíne agus foirm chruthaitheach lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta d’amharc-ealaín, ceol, damhsa, drámaíocht, scéalaíocht, puipéadóireacht, sorcas, ealaín sráide, léiriú, códú, dearadh, léamha, filíocht, ailtireacht, STEAM etc. Táimid ag lorg gníomhaíochtaí nuálacha atá uaillmhianach, nuálach agus a chothaíonn cruthaitheacht i leanaí agus daoine óga ó gach cúlra.

Tabharfar dámhachtainí suas go huasmhéid €2,000

An spriocdháta faoinar gá tairiscintí a chur isteach: An 20 Márta 2020

Is féidir an fhoirm iarratais a íoslódáil anseo

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le [email protected]