An Urgent Enquiry

An Urgent Enquiry

Trí dheis chónaitheachta shuntasacha d'ealaíontóirí

Is clár coimisiúnaithe cónaitheachta é 'An Urgent Enquiry' idir Comhairle Contae Loch Garman, Comhairle Contae Fhine Gall agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Tá an clár á mhaoiniú ag an scéim um Chuireadh chun Comhoibrithe de chuid na Comhairle Ealaíon, scéim a thacaíonn le comhoibrithe nuálacha uaillmhianacha in údaráis áitiúla.

Cuireadh fáilte roimh ealaíontóirí togra a chur isteach le haghaidh ceann de na trí chónaitheacht seo a bhaineann go sainiúil le suíomh ar chósta thoir na hÉireann, ó leithinis Phort Reachrann i bhFine Gall, go dtí an chuid sin de Bhithsféar Chuan Bhaile Átha Cliath atá ainmnithe ag UNESCO in Oileán an Bhulla Thuaidh, go dtí Cósta Loch Garman Theas.

Cuirfidh na cónaitheachtaí sin an deis ar fáil d'ealaíontóirí scrúdú a dhéanamh ar bhithéagsúlacht agus tionchair an athraithe aeráide ar na ceantair sin trí mheán taighde agus idirchaidrimh le speisialtóirí comhshaoil, eolaithe agus pobail áitiúla, le tacaíocht ó Oifigí Ealaíon & Bithéagsúlachta an údaráis áitiúil.