Déan Slabhraí Taisce leis an údar Eve McDonnell! Reáchtálfaidh an t-údar Eve McDonnell ceardlann ina n-aistreofar rudaí a fuarthas ar an trá nó in aibhneacha i dtaisce iontach! Leabharlann Bhinn Éadair 11am
Sorcas gan Ainmhithe leis an ealaíontóir John Carpenter Bí linn don cheardlann Sorcas gan Ainmhithe. Taispeánfaimid duit conas carachtair ón sorcas a tharraingt, iad a ghearradh amach agus a ghliúáil isteach i do phuball sorcais.Leabharlann Bhaile Dúill11am-12pm, Leabharlann An Ros 2pm-3pm
Ceardlann Fhíodóireachta le Saileach Chill Mhantáin Bí le Aoife ó Shaileach Chill Mhantáin agus foghlaim conas Iasc a fhí as Saileach! Rachaimid tríd na céimeanna leat ionas go mbeidh tú ábalta éisc ildaite iontacha a thabhairt abhaile leat. Leabharlann Shoird 10:30am-11:30am.
Drumáil le Mobile Music School Sa cheardlann clúdófar rithimí agus patrúin a chloistear go minic i gceol drumadóireachta na hAfraice, drumadóireacht Samba nó sa cheol nua-aimseartha. Oiriúnach do pháistí idir 9 – 12 bliain d’aois. Leabharlann An Rois 11am-12pm
Déan Scannán ar d’Fhón Póca; Ceardlann le Createschool Ón nóiméad a bhíonn an smaoineamh agat go dtí go bhfuil físeán iontach á roinnt agat le do chairde, sa ‘bhlascheardlann’ seo atá á reáchtáil ag Createschool, rachaidh tú tríd na céimeanna ar bhealach spraoiúil, teagmhálach Leabharlann Bhaile Brigín10am-12pm, Leabharlann Mhullach Íde 2pm-4pm
‘Buille Nua’ A New Beat Cuirfidh Buille Nua eispéireas foghlama ar fáil ar an mbodhrán, sa rince comhaimseartha agus sa ghluaiseacht do dhaoine óga idir 12 – 18 mbliana d’aois ag Ionad Ealaíon Séamus Ennis
Meicnic Neimhe (Celestial Mechanics) Cuireann Meicnic Neimhe taithí foghlama ar fáil do leanaí trí mheán na heolaíochta chomh maith le meán na hamharcealaíona. Glacfaidh an t-ealaíontóir Aileen Murphy, an t-ealaíontóir/oideachasóir Mary Jo Gilligan, agus an t-eolaí An tOllamh Peter Gallagher páirt sa theagmháil seo ar leith le leanaí idir 10-12 bnliain d’aois. Tar éis cuairt a thabhairt ar Réadlann Dhún Sinche
‘Finscéalta na hÉireann’ Irish Legends Treoróidh déantóirí amharclainne gairmiúla Sean agus Niall McDonagh ó High Rock Productions leanaí Scoil an Duinnínigh agus Gaelscoil Bhrian Bóroimhe (Sord) chun sceitsí amharclainne uathúla dá gcuid féin a chruthú bunaithe ar sheanfhinscéalta na hÉireann.
‘Ón dtalamh’ From the Earth Beidh an t-ealaíontóir Edel Clarkson ag treorú leanaí Scoil Náisiúnta Naomh Lúcáis, Baile an Tirialaigh, chun taisceolaíocht a dhéanamh ar bhithéagsúlacht áitiúil agus déanamh ceirmeach.
Le teacht Séasúr na Snámha, tá Fine Gall ag iarraidh go mbeadh gach éinne sábháilte agus freagrach cois farraige De réir mar a thosaíonn séasúr na snámha le teacht an dea-aimsir, iarrann Fine Gall ort cabhrú linn timpeallacht sábháilte agus taitneamhach na trá a chruthú do chách.