Cruinniú na nÓg 2021 i bhFine Gall Seolta

Cúis áthais do Chomhairle Contae Fhine Gall clár spéisiúil agus ilghnéitheach a fhógairt do Chruinniú na nÓg a reáchtálfar ar an 12 Meitheamh 2021.

Cruinniu launch

Cúis áthais do Chomhairle Contae Fhine Gall clár spéisiúil agus ilghnéitheach a fhógairt do Chruinniú na nÓg a reáchtálfar ar an 12 Meitheamh 2021. Tá Cruinniú na nÓg, lá bliantúil saor in aisce de ghníomhaíocht chruthaitheach Éire Ildánach imithe ó neart go neart ó seoladh é in 2018. Is imeacht ar leith atá ann in Éirinn mar aon le tionscnamh suaitheanta chlár Óige Ildánach Éire Ildánach a bhfuil sé mar aidhm leis “a chinntiú go bhfuil rochtain phraiticiúil ag gach leanbh in Éirinn, faoin mbliain 2022, ar theagasc agus ar rannpháirtíocht sa cheol, sa drámaíocht, san ealaín agus sa chódúchán”.

Ag obair i gcomhar leis an 31 Údarás Áitiúil agus le tacaíocht ó RTÉ, déanann Éire Ildánach tréaniarracht lá a chruthú inár féidir le teaghlaigh agus daoine óga páirt a ghlacadh i raon leathan gníomhaíochtaí cruthaitheacha atá á gcur ar fáil saor in aisce.

Tá clár Chruinniú na nÓg Chomhairle Contae Fhine Gall forbartha ar bhonn comhpháirteach ag an bhfoireann Chruthaitheach & Chultúrtha a bhfuil ionadaithe tras-rannacha páirteach inti agus tá saineolas acu in go leor réimsí difriúla. Is é toradh obair mhór na bhfoirne clár lán imeachtaí a chothóidh fiosracht, a spreagfaidh spéis agus a thabharfaidh an tsamhlaíocht chun beochta agus, thar rud ar bith eile, clár a spreagfaidh daoine óga ar fud an chontae díriú ar fhéith na cruthaitheachta agus píosa spraoi a bheith acu i ndiaidh tréimhse dhúshlánach.

Tá meascán d’imeachtaí amuigh faoin aer, beo agus fíorúil taifeadta ina measc Seiminéar Ghréasáin Zú Bhaile Átha Cliath, Ranganna Códúcháin agus Podchraolta, ceardlanna Praiticiúla, Píosa Saincheaptha Idirghníomhach Raidió, Conair Scéalaíochta atá suite i ndiméin ghleoite Chaisleán Ard Giolláin, ranganna Hip Hap agus Damhsa, ranganna ceoil, agus scéalta a mbeidh spéis ag aosaigh óga iontu, a chinnteoidh go mbeidh cuimhní geala ag gach teaghlach, leanbh agus duine a bhíonn páirteach ann ar lá Chruinniú na nÓg 2021.

Tá an clár iomlán lena n-áirítear eolas maidir le conas is féidir páirt a ghlacadh in imeachtaí an lae le fáil ag www.fingal.ie/creative-ireland nó ar Chainéil Meán Sóisialta Chomhairle Contae Fhine Gall .

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy, “Cúis áthais dom clár imeachtaí Fhine Ghall le haghaidh Chruinniú na nÓg a sheoladh, clár atá lán le himeachtaí éagsúla a chothóidh spéis i measc daoine óga an chontae. Is deis a bheidh sna ceardlanna, taibhithe agus ranganna éagsúla ar fad a bheith rannpháirteach agus cruthaitheach ar a rogha bealaí.”

 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, “Is fianaise é an clár iontach atá á sheoladh inniu le haghaidh Chruinniú na nÓg ar an díograis agus ar an tsamhlaíocht atá mar bhonn lena fhorbairt, i rith bliana ina bhfuilimid fós ag déileáil le dúshláin Covid-19.  Lá iontach lán cruthaitheachta a bheidh ann ar an 12 Meitheamh ar fud an chontae nuair a bheidh an clár seo á thabhairt chun beochta ag foireann Fhine Gall, na healaíontóirí cumasacha agus na daoine óga lán fuinnimh de bhunadh Fhine Gall.”

 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Emer O’Gorman, Stiúrthóir um Fhorbairt Gheilleagrach, Fiontar, Turasóireachta agus Chultúrtha,  “Bíonn go leor teaghlach ar fud na hÉireann ag súil go mór le Cruinniú na nÓg gach bliain. Bíonn deis ag teaghlaigh an lá a chaitheamh le chéile agus páirt a ghlacadh i dtionscadail a bhfuil spéis acu iontu a chuirfidh ar chumas leanaí agus aosaigh óga barr a gcumais chruthaithigh a bhaint amach. Tá clár Chruinniú na nÓg 2021 Chomhairle Contae Fhine Gall lán le ceardlanna, seimineáir ghréasáin, ranganna, taibhithe saincheaptha, agus píosaí éagsúla a mbeidh spéis mhór  ag daoine de gach aois iontu ar lá spraíúil, lán eispéireas nua agus gníomhaíocht chruthaitheach”