Fuarthas infheistíocht shuntasach do thionscadail Fhine Gall ag Cruinniú Ceaduithe LEADER Cheantar Tuaithe Bhaile Átha Cliath is déanaí. Cheadaigh Grúpa Gníomhaíochta Áitiúil LEADER Cheantar Tuaithe Bhaile Átha Cliath, a dhéanann maoirseacht ar an gClár LEADER i mBaile Átha Cliath, maoiniú €230,748.76 do 5 thionscadal nua i mBaile Átha Cliath ag a gCruinniú Ar Líne i mí na Samhna.