Comhairle Contae Fhine Gall Ionadaithe ag trí ghrúpa i gCluiche Ceannais Mórtas Áite 2021 i gCill Airne

Déanfaidh trí ghrúpa ionadaíocht ar Chomhairle Contae Fhine Gall sna cluichí ceannais de chomórtas Mórtas Áite IPB 2021 a bheidh ar siúl san INEC i gCill Airne an tseachtain seo chugainn.

Bayside Community Association Pride of Place

Déanfaidh trí ghrúpa ionadaíocht ar Chomhairle Contae Fhine Gall sna cluichí ceannais de chomórtas Mórtas Áite IPB 2021 a bheidh ar siúl san INEC i gCill Airne an tseachtain seo chugainn. Bhí Cluichí Ceannais 2021 ar siúl go dtí Bealtaine na bliana seo mar gheall ar Phaindéim Covid 19.

Tá Cumann Pobail Cois Bhá, Bailte Slachtmhara an Rois agus Ionad Maireachtála Neamhspleách Bhaile Bhlainséir ar fad san iomaíocht d’Fhine Gall sa chomórtas a thugann aitheantas do na cinn is fearr i bhforbairt pobail ar oileán na hÉireann.

Anois ina 20ú bliain, tá an comórtas, arna eagrú ag Comhar Éireann, an comhlacht thuaidh-theas a bunaíodh tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta, mar chuid d’iarracht chun caidreamh pobail níos fearr a chothú ar oileán na hÉireann. Tugann Pride of place cuireadh d’údaráis áitiúla in Éirinn, thuaidh agus theas, na grúpaí agus na pobail a ainmniú a dhéanann difríocht ó thaobh pobail a dhéanamh mar áiteanna le bheith bródúil astu.

Tá sár thaifead ag Comhairle Contae Fhine Gall sa chomórtas seo, tar éis di Gradaim Údarás Áitiúil na Bliana in 2017 a bhuachaint agus beagnach 20 grúpa pobail buaite acu le fiche bliain anuas.

I mbliana tá Cumann Pobail Cois Bhá (BCA) ag glacadh páirte sa chatagóir Comharsanacht Uirbeach. Tá an BCA, le tacaíocht ó Oifig Forbartha Pobail CCFG, tar éis dul i mbun roinnt tionscadal nuálach le blianta beaga anuas lena n-áirítear tionscadal na gCloch Seasmhach i bPáirc Alden agus an Úllord Pobail i lár an eastáit.

Tá Bailte Slachtmhara an Rois san áireamh sa chatagóir daonra os cionn 5000. Chruthaigh an grúpa dícheallach seo múrmhaisiú pobail den scoth le linn an ghlasála agus tá siad gnóthach ar fud an bhaile le tionscadail atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus do ghníomhaíocht aeráide.

Cuireann Ionad Baile Bhlainséir um Maireachtáil Neamhspleách (BBMN) fócas ar fáil dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu faoi mhíchumas i mBaile Átha Cliath 15 agus déanann a Ghrúpa Tacaíochta Piaraí ionadaíocht ar Fhine Gall i mbliana sa chatagóir Athléimneacht Pobail. Cuireadh dlús leis an dúshlán dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu faoi mhíchumas sa phobal le linn na paindéime agus thug BBMN faoi roinnt tionscadal dúshlánach le linn na mblianta faoi ghlas lena n-áirítear Gairdín Pobail a fhorbairt sa Chorr Dhubh, Baile Átha Cliath 15.

Ag labhairt dó roimh na gradaim, dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh: “Tar éis bualadh leis na trí ghrúpa agus a gcuid oibre dochreidte a fheiceáil, ba mhaith liom gach rath a ghuí orthu sa chomórtas mór le rá seo agus athlua a dhéanamh ar thábhacht ollmhór an phobail agus earnáil dheonach i saol an chontae”.

Chuir Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall AnnMarie Farrelly leis; “Tá obair iontach ár ngrúpaí deonacha, agus an tacaíocht láidir a fhaigheann siad ón Oifig Forbartha Pobail ríthábhachtach do leas pobail an chontae agus ba mhaith liom gach rath a ghuí ar na trí ghrúpa ar an oíche. “

Beidh na cluichí ceannais ar siúl san INEC i gCill Airne tráthnóna Dé Luain 16 Bealtaine agus is féidir iad a fheiceáil ar www.prideofplace.ie

 

Blanchardstown Centre for Independent Living Pride of Place
Rush Tidy Towns Mural Pride of Place