Nós Imeachta Achomhairc um Luasteorainneacha

Tugadh Nós Imeachta Achomhairc um Luasteorainneacha isteach le déanaí a cheadaíonn don phobal cuir i gcoinne agus achomharc a dhéanamh ar na luasteorainneacha atá i bhFodhlíthe Luasteorainneacha reatha de chuid Údarás Áitiúil.

Roadworks signs

Tugadh Nós Imeachta Achomhairc um Luasteorainneacha isteach le déanaí a cheadaíonn don phobal cuir i gcoinne agus achomharc a dhéanamh ar na luasteorainneacha atá i bhFodhlíthe Luasteorainneacha reatha de chuid Údarás Áitiúil. Leagfaidh an próiseas nua seo béim ar luasteorainneacha áirithe a mheastar a bheith míchuí agus a dteastaíonn imscrúdú uathu.

Tá an Nós Imeachta Achomhairc um Luasteorainneacha ceaptha chun ceist dhlisteanach a d’fhéadfadh a bheith ag ball den phobal nó páirtí leasmhar maidir le luasteorainn ar leith a éascú. Tá sé i gceist chomh maith go gcuirfidh sé dlús leis an bpróiseas athbhreithnithe ar cheisteanna luasteorainneacha a ardaítear idir athbhreithnithe iomlána luasteorainneacha na nÚdarás Áitiúil a dhéantar gach cúig bliana de ghnáth.

Áirítear leis an bpróiseas iarratas achomhairc tosaigh chuig an bPainéal Údaráis Áitiúil ábhartha a athbhreithneoidh an t-iarratas (gan aon chostas) agus ardófar an t-achomharc ina dhiaidh sin chuig Painéal Réigiúnach Neamhspleách (táille riaracháin de €125), mura nglacfaidh an t-iarrthóir le cinneadh Phainéal an Údaráis Áitiúil.

Déanfar athbhreithniú ar gach achomharc maidir le luasteorainneacha de réir na dTreoirlínte maidir le Luasteorainneacha in Éirinn a Shocrú agus a Bhainistiú  (Treoirlínte Luasteorainneacha). Má mheastar nach bhfuil luasteorainn socraithe de réir na dTreoirlínte Luasteorainneacha, cuirfidh an tÚdarás Áitiúil é sin in iúl don iarrthóir agus cuirfidh sé tús leis an bpróiseas chun an luasteorainn a cheartú. Fanfaidh an chumhacht reachtúil chun fodhlíthe luasteorainneacha a ghlacadh ag Comhaltaí Tofa na nÚdarás Áitiúil ar bhóithre ina gceantar riaracháin.

Dúirt an tAire Iompair Eamon Ryan TD: “Tá an Clár don Rialtas tiomanta d’athbhreithniú agus laghdú a dhéanamh ar luasteorainneacha d’fhonn aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sábháilteachta ar bhóithre agus ar astaíochtaí carbóin agus comhlíonadh níos mó a chinntiú. Leagfaidh an próiseas seo béim ar luasteorainneacha a mheastar a bheith míchuí, agus ar gá tuilleadh imsrúdaithe a dhéanamh orthu. Tá sé tábhachtach a thabhairt le fios, áfach, nach meicníocht é seo chun achomharc a dhéanamh i gcoinne pionóis a eisítear as cionta luais.”

Tá an Próiseas Achomhairc um Luasteorainneacha agus tuilleadh eolais ar fáil ag www.speedlimits.ie/appeals