News

in
in
04 Jul 2025

Glao Oscailte le haghaidh Dhámhachtain Stiúideo Theach Bád Loch Sionnaigh 2025

Tá áthas ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall iarratais a lorg le haghaidh Dhámhachtain Stiúideo Theach Bád Loch Sionnaigh. Is dámhachtain cónaitheachta stiúideo í sin atá oscailte d’amharc-ealaíontóirí gairmiúla atá ag obair in aon mheán. Leis an deis seo, tairgtear dámhachtain €20,000 agus stiúideo lánchistithe ar feadh tréimhse naoi mí dar tosach mí Mheán Fómhair 2025. 

04 Jul 2025

Trí Ghrúpa Fhine Gall chun páirt a ghlachadh i gComórtas Ómós Áite IPB, 2025

Déanfaidh Thrive Balbriggan, Pobal Ghleann na hAbhann agus Ráth Aingil i Sord, agus Tionscadal Bithéagsúlachta Lóiste Chúil Mhín i mBaile Átha Cliath 15 ionadaíocht do Chomhairle Contae Fhine Gall i dtrí chatagóir dhifriúla nuair a thiocfaidh an fhoireann moltóireachta chuig an gcontae Dé Luain an 25 Lúnasa agus Dé Máirt an 26 Lúnasa.

30 Jun 2025

Tá fadhb theicniúil ag ár nAonad Seirbhíse do Chustaiméirí

Tá fadhb theicniúil ag ár nAonad Seirbhíse do Chustaiméirí agus táimid ag obair ar réiteach. 

Tá glaoiteoirí chuig ár n-uimhir 01-8905000 á dtreorú chuig ár Seirbhís Lasmuigh d'Uaireanta Oifige a ghlacfaidh ainm agus uimhir agus a chuirfidh na sonraí ar aghaidh chuig ár nAonad Cúraim Chustaiméirí le haghaidh glao ar ais. Leanfaidh an tSeirbhís Lasmuigh d'Oifig ag déileáil le saincheisteanna Éigeandála. 

Is féidir teagmháil a dhéanamh lenár nAonad Cúraim Chustaiméirí fós trí ríomhphost ag [email protected]

11 Jun 2025

Tugann comhairleoirí cead d’athrú na Sceirí

Tá Bóthar an Chuain na Sceirí agus an tOileán Rua le hathrú tar éis do chomhairleoirí cead a thabhairt do Chomhairle Contae Fhine Gall dul ar aghaidh le bearta feabhsúcháin taistil ghníomhaigh agus ríocht phoiblí ag cruinniú míosúil na Comhairle Dé Luain.