Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag fáiltiú roimh iarratais faoi roinnt scéimeanna le haghaidh tionscadal deisiúcháin nó caomhantais laistigh de cheantar Fhine Gall - is é an spriocdháta DÉ HAOINE, an 28 EANÁIR 2022
Chuaigh an Oifig Ealaíona de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall i gcomhpháirtíocht le Words Ireland le haghaidh deiseanna forbartha gairmiúla a chur ar fáil chun tacú le scríbhneoirí Fhine Gall tríd an gClár Meantóireachta Náisiúnta de chuid Words Ireland.
Ón lá amárach 1 Nollaig 2021, beidh ár n-oifigí ar oscailt don phobal trí choinne amháin. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Cúram Custaiméirí ag 01-8905000 nó
[email protected]
. Úsáid bosca poist lasmuigh dár n-oifigí le haghaidh comhfhreagrais / foirmeacha.
Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag impí ar fhorbróirí an deis a thabhairt di tithe lándéanta nua a cheannach roimh ré chun cabhrú leis an ngéarchéim tithíochta a mhaolú agus tithíocht inachmainne a chur ar fáil dóibh siúd is mó atá i ngátar.
Rinneadh measúnú neamhspleách ar chrainn an 20Deireadh Fómhair 2021 laistigh de Dhiméin Mhullach Íde. Dhírigh sé seo go príomha ar chuid de choillearnach a théann ón gCúlbhóthar chomh fada le Bóthar Bhaile Átha Cliath agus tá oibreacha crann beartaithe don Luan 6/12/21- Dé hAoine an 10/12/21
Bunaíodh comhpháirtíocht trasteorann nua chun fás eacnamaíoch a chothú ar an bpríomhbhealach straitéiseach idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste, d’fhógair foireann tionscnaimh pholaitiúil Bhéal Feirste tionscnaimh a chabhróidh le deiseanna fostaíochta a chothú, aghaidh a thabhairt ar bhacainní a théann i bhfeidhm ar thrádáil agus bonneagair iompair níos fearr a sheachadadh.
An deireadh seachtaine seo caite lainseáladh Let’s Play An Ros le príomhimeachtaí a bhí dírithe ar chultúr spraíúil a fhorbairt ar an mbaile. Sa tionscnamh AE seo, roineann an Líonra Aistrithe URBACT in Éirinn dea-chleachtas maidir le forbairt uirbeach inbhuanaithe idir cathracha agus bailte, agus An Ros mar cheann de chúig bhaile atá ag foghlaim dea-chleachtais ó Chorcaí maidir le conas gníomhaíochtaí súgartha agus placemaking a fhorbairt.