Cath na Leabhar 2021/22 Seolta i Scoil Phádraig Buachaillí, Domhnach Bat  

Tá fíoráthas ar Leabharlanna Fhine Gall seoladh Cath na Leabhar 21/22 a fhógairt ag Scoil Phádraig Buachaillí, Domhnach Bat Dé Luain 22ú Samhain.

Battle of the Book Launch 2

Tá fíoráthas ar Leabharlanna Fhine Gall seoladh Cath na Leabhar 21/22 a fhógairt ag Scoil Phádraig Buachaillí, Domhnach Bat Dé Luain 22ú Samhain.

Is clár léitheoireachta é Cath na Leabhar a reáchtáiltear le linn na bliana acadúla 21/22, le cúig bhunscoil i gceantar Fhine Gall ag glacadh páirte ann.  Is é seo an naoú mbliain den gclár léitheoireachta náisiúnta a bhfuil an-rath go deo air.  

Tá an clár deartha chun leanaí a spreagadh chun léamh, muinín a fháil agus leabhar nó leabhair choitianta a phlé, ag soláthar eispéireas léitheoireachta comhroinnte a spreagfaidh léitheoireacht feadh saoil.

Dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir Seána Ó Rodaigh “Is slí iontach í an clár Cath na Leabhar chun leanaí a spreagadh ní hamháin chun léamh ach chun idirghníomhú le chéile chun téamaí an leabhair a phlé agus léargas a chéile a chloisteáil. Tá lúcháir orm é a fheiceáil ag filleadh i mbliana.”

I mbliana is iad na leabhair atá ann ná “The Legend of Gobán” agus “The Legend of Joseph Daw” leis an údar áitiúil as Fine Gall Gerard Ronan.  Déanann a chuid leabhar do leanaí, atá maisithe go hiontach ag Derry Dillon, iarracht stair shaibhir nádúrtha agus shóisialta Leithinis Phort Reachrann a chur os comhair súile léitheoirí óga trí mheán an fhicsin. Tá na leabhair seo mar chuid de shraith darb ainm ‘Tales of Old Turvey’.  Is iad an dá leabhar eile sa tsraith ná “Lucky Kate” agus “The Old Man and the Tower”.

Is iad na scoileanna a ghlacfaidh páirt i mbliana ná Scoil Phádraig Buachaillí, Domhnach Bat, Scoil Phádraic Cailíní, Domhnach Bat, Scoil Náisiúnta San Caitríona, An Ros, Scoil Náisiúnta an Rois agus Scoil Náisiúnta Bhaile Hoiste, Lusca.

Glacfaidh na leanaí páirt i ngníomhaíochtaí éagsúla arna n-eagrú ag Leabharlanna Fhine Gall agus ar deireadh beidh “Cath” ar siúl i 2022 agus bronnfar duaiseanna ar an scoil bhuacach.

Dúirt Betty Boardman, Leabharlannaí Contae: Ba chúis áthais dom bualadh leis an bPríomhoide, na múinteoirí agus daltaí ó Scoil Phádraig Buachaillí, Domhnach Bat chun Cath na Leabhar 2021/22 a sheoladh. Is scéalta iontacha iad na leabhair le Gerard Ronan ach tugann siad eolas iontach faoi stair an cheantair chomh maith.

Battle of the Book Launch 5
Battle of the Books Launch 1