Maoiniú le haghaidh oibreacha caomhantais agus deisiúcháin i bhFine Gall 2022

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag fáiltiú roimh iarratais faoi roinnt scéimeanna le haghaidh tionscadal deisiúcháin nó caomhantais laistigh de cheantar Fhine Gall - is é an spriocdháta DÉ HAOINE, an 28 EANÁIR 2022

Conservation funding 2022

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag fáiltiú roimh iarratais faoi roinnt scéimeanna le haghaidh tionscadal deisiúcháin nó caomhantais laistigh de cheantar Fhine Gall - is é an spriocdháta DÉ HAOINE, an 28 EANÁIR 2022

Tá Comhairle Contae Fhine Gall anois ag fáiltiú roimh iarratais faoi roinnt scéimeanna le haghaidh oibreacha atá le déanamh in 2022 mar chuid de thionscadail bheaga, mheánmhéide nó mhóra deisiúcháin nó chaomhantais ar Dhéanmhais Chosanta agus in imthosca áirithe ar fhoirgnimh a fheabhsaíonn Limistéir Chaomhantais Ailtireachta laistigh de cheantar Fhine Gall.  

In 2021 leithdháileadh maoiniú luach beagnach €185,500 trí Chomhairle Contae Fhine Gall a cuireadh ar fáil le haghaidh 13 dheontas Stitch in Time, ocht ndéanmhas faoi Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha agus trí thionscadal faoi Chiste na nDéanmhas Stairiúil chun cabhrú le hoidhreacht ailtireachta Fhine Gall a dheisiú agus a chosaint.  Le haghaidh úinéirí a bhfuil gnáthobair chothabhála nó mionoibreacha deisiúcháin á gcur i gcrích acu ar ghnéithe stairiúla dá dtithe, tairgeann scéim Stitch in Time Chomhairle Contae Fhine Gall deontais luach idir €100 agus €2,500.  Le haghaidh oibreacha níos suntasaí, tá maoiniú ar fáil trí Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha nó Ciste na nDéanmhas Stairiúil.  Is féidir iarratais shonracha ar Chiste na nDéanmhas Stairiúil a dhéanamh le haghaidh caomhnú déanmhas dúchasach nach Déanmhas Cosanta é agus le haghaidh athchóiriú aghaidh siopa nó aghaidh siopa traidisiúnta Gaeilge.   

Tá maoiniú ar fáil le haghaidh tionscadal a chuirfear i gcrích in 2022 faoi na scéimeanna seo a leanas:

  • Deontas “Stitch in Time” Chiste na hOidhreachta Ailtireachta 2022
  • Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha 2022
  • Ciste na nDéanmhas Stairiúil 2022 (lena n-áirítear fo-shruthanna le haghaidh Aghaidheanna Siopaí Stairiúla/Aghaidheanna Siopaí Traidisiúnta Gaeilge agus Déanmhas Dúchasach)

 Bhí an méid seo a leanas le rá ag Helena Bergin, an tOifigeach Caomhantais Ailtireachta, “Bhain neart dúshlán le go leor tionscadal a chríochnú in 2021 mar gheall ar na srianta ag tús na bliana ba chúis le stop a chur le tionscadail tógála, rud ba chúis le deacrachtaí ina dhiaidh sin le conraitheoirí a aimsiú agus roinnt ábhar a fháil freisin.  D’úsáid na tionscadail ar leanadh leo, áfach, ábhair agus modhanna cearta chun a gcuid tithe nó maoin a dheisiú agus a chaomhnú rud a chiallaíonn go mairfidh na foirgnimh seo níos faide agus chomh maith leis sin, chabhraigh na tionscadail seo le lorg carbóin Fhine Gall a laghdú trí choimeád, athúsáid agus cothabháil an stoic foirgnimh reatha. Ní mór béim athnuaite agus athscrúdú a dhéanamh ar an mbuntáiste a chruthaíonn foirgnimh níos sine don timpeallacht, chun an carbón atá le fáil iontu a chainníochtú agus a thuiscint.  Tagraítear go minic d’fhocail an ailtire Mheiriceánaigh, Carl Elefante sa chomhthéacs seo, is é sin ‘The greenest building is the one that already exists’.  Tá ról ag na scéimeanna deontas caomhantais i gcinntiú ní hamháin go bhfuil na foirgnimh seo ann ach go bhfuil siad á gcothabháil, á n-uasghrádú agus á bhfeabhsú.”  

Is ann don scéim maoinithe caomhantais chun cabhrú le húinéirí le mionsonraí cuí agus le modhanna cearta chun na hábhair stairiúla a úsáidtear chun seanfhoirgnimh a dheisiú cosúil le haol, cloch, brící lámhdhéanta, tuí, scláta nádúrtha agus siúinéireacht stairiúil, de bhrí go bhféadfadh úsáid ábhar nua-aimseartha dolúbtha agus neamh-thréscaoilteach cosúil le coincréit agus plaisteach níos mó dochair ná maitheas a dhéanamh.  

SPRIOCDHÁTA: Tá sé sonraithe ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta gurb é an spriocdháta le haghaidh Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha & Ciste na nDéanmhas Stairiúil tráth nach déanaí ná an 31 Eanáir agus is é an spriocdháta atá sonraithe ag Comhairle Cathrach Fhine Gall 5PM DÉ HAOINE, AN 28 EANÁIR 2022Tá foirmeacha iarratais le haghaidh na dtrí scéim le fáil ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall agus ba cheart foirmeacha iarratais comhlánaithe a sheoladh chuig Oifigeach Caomhantais Ailtireachta Chomhairle Contae Fhine Gall ag an seoladh ríomhphoist   [email protected]  .  Eiseofar cinneadh chuig gach iarrthóir nuair a bheidh na hiarratais rathúla ceadaithe go sealadach ag an Roinn.  

Tabhair faoi deara, ní féidir le hiarratasóirí tairbhe a bhaint as maoiniú faoi Chiste na nDéanmhas Stairiúil agus Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha sa bhliain chéanna agus dá réir sin, níor cheart iarratas a dhéanamh ach ar scéim amháin.

Más mian leat iarratas a dhéanamh féach ar: