Ba mhaith le Comhairle Contae Fhine Gall tithe lándéanta nua a cheannach roimh ré chun cabhrú leis an ngéarchéim tithíochta a mhaolú

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag impí ar fhorbróirí an deis a thabhairt di tithe lándéanta nua a cheannach roimh ré chun cabhrú leis an ngéarchéim tithíochta a mhaolú agus tithíocht inachmainne a chur ar fáil dóibh siúd is mó atá i ngátar.

 

 

Image of House Keys on a Table

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag impí ar fhorbróirí an deis a thabhairt di tithe lándéanta nua a cheannach roimh ré chun cabhrú leis an ngéarchéim tithíochta a mhaolú agus tithíocht inachmainne a chur ar fáil dóibh siúd is mó atá i ngátar.

Ba mhaith leis an gComhairle leas a bhaint as an líon mór réadmhaoine neamhthógtha a fuair cead pleanála, agus tá Fine Gall ag iarraidh tithe agus árasáin lándéanta a cheannach sula dtagann siad ar an margadh. Tá uaillmhianta aige 10 n-áit chónaithe ar a laghad a dhaingniú ag aon scéim amháin, agus súil aici go bhféadfaí aon rud suas le 150 áitreabh a dhíol leo i socrú réamhcheannaigh le forbróirí.

Faoin togra, d’aontódh Fine Gall líon ceadaithe réadmhaoine a cheannach agus íocaíocht a sholáthar nuair a chríochnaítear iad. Foráiltear le comhaontú den sórt sin freisin go ndíolfaidh forbróir tithe go díreach le ceannaitheoir incháilithe arna ainmniú ag an údarás áitiúil.

Dúirt Liam Burke, Stiúrthóir Gníomhach Tithíochta agus Forbartha Pobail ag Comhairle Contae Fhine Gall: “Leagann an tionscnamh Tithíocht do Chách roinnt uaillmhianta an-soiléir amach maidir le soláthar tithíochta sóisialta agus inacmhainne. Tá a fhios againn go bhfuil éileamh mór ar thithíocht ó dhaonra atá ag fás, agus praghsanna tithe agus cíosanna ag dreapadh dá bharr. Ciallaíonn sé sin go bhfuil aisling úinéireachta tí agus maireachtála inacmhainne thar a n-acmhainn do go leor duine.

“Tríd an gCiste Tithíochta Inacmhainne a bheith i bhfeidhm, cabhróidh sé méid áirithe chun go mbeidh sé ar chumas Fhine Gall líon níos mó tithe a sholáthar do dhaoine faoi bhun rátaí an mhargaidh, agus mar sin trí shocrú reamhcheannaigh a dhaingniú le forbróirí ní hamháin go gcinntímid go bhfuilimid ag soláthar tithíochta a bhfuil géarghá léi, ach go bhfuilimid ag tabhairt urra airgeadais d’fhorbróirí freisin agus ag fáil réidh le roinnt den tuairimíocht a bhíonn i gceist go minic le forbairtí móra.”

Dúirt an chomhairle go mbreithneofaí ar Shocruithe Comhfhiontair lena n-áirítear Comhlacht Ceadaithe Tithíochta (AHB) freisin mar chuid den tionscnamh.

Faoin bplean 'Tithíocht do Chách’, tá sruthanna maoinithe suntasacha ar fáil d’Fhine Gall d’fhonn líon na dtithe údaráis áitiúla nua-thógtha le haghaidh tithíochta sóisialta agus inacmhainne a mhéadú.

Ba mhaith leis an rialtas 300,000 teach a thógáil sna deich mbliana atá amach romhainn sna ceithre  chatagóir de thithíocht shóisialta, tithíocht inacmhainne agus tithíocht ar cíos de réir costais, tithíocht ar cíos príobháideach agus úinéireacht phríobháideach. Ar an meán, tógfar 33,000 teach in aghaidh na bliana, ag ardú go 40,000 faoi 2030.

Tá tuilleadh sonraí faoin gclár lándéanta agus na riachtanais áitiúla maidir le Fine Gall ar fáil ag:

https://www.fingal.ie/sites/default/files/2021-11/guide-to-making-a-submission-november-2021.pdf