Baintear na Réamhrabhaidh agus na Toirmisc ar Shnámh ar fad ó thránna Fhine Gall.
In Anailís ar Shamplaí Uisce Snámha do gach trá de chuid Fhine Gall ó shamplaí a tógadh Dé hAoine seo caite (an 25 Iúil), chomhlíon na torthaí ó na tránna uile an caighdeán aicmithe “Sármhaith” le haghaidh Uiscí Snámha.
In Anailís ar Shamplaí Uisce Snámha do gach trá de chuid Fhine Gall ó shamplaí a tógadh Dé hAoine seo caite (an 25 Iúil), chomhlíon na torthaí ó na tránna uile an caighdeán aicmithe “Sármhaith” le haghaidh Uiscí Snámha.
Tar éis dul i gcomhairle le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), bainfidh Comhairle Contae Fhine Gall fógraí toirmisc (Toirmeasc ar Shnámh) inniu ó na tránna seo a leanas: Baile Brigín, Loch Sionnaigh, an Ros Thuaidh, Mullach Íde, Port Mearnóg agus Claremont. Bainfidh an Chomhairle na fógraí Réamhrabhaidh (Comhairle Gan Snámh) ó na tránna seo a leanas inniu freisin: na Sceirí, an Ros Theas, Port Reachrann, Domhnach Bat agus Cill Fhionntain.
Déanfar sampláil ar na tránna uile an tseachtain seo chugainn idir an 5 Lúnasa (Baile Brigín, na Sceirí, Loch Sionnaigh, an Ros Thuaidh agus Theas, Port Reachrann agus Domhnach Bat) agus an 6 Lúnasa (Claremont, Cill Fhionntain, Port Mearnóg agus Mullach Íde).
Foilseofar na torthaí an 7 Lúnasa agus an 8 Lúnasa faoi seach.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi thránna agus faoi uisce snámha, féach Tránna agus Uisce Snámha.
Chun faisnéis a fháil faoi Ghardaí Tarrthála an tseachtain seo, féach Gardaí Tarrthála a Sholáthar.
Is féidir le daoine den phobal cáilíocht an uisce ag aon cheann de na huiscí snámha a ndéantar faireachán orthu in Éirinn a sheiceáil roimh ré trí shuíomh Gréasáin na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil a rochtain ag www.beaches.ie nó tríd an gclár fógraí ag bealach isteach gach trá a sheiceáil.
Chun amharc ar mhíniú ar na caighdeáin a úsáidtear chun torthaí uisce snámha a thuairisciú, téigh chuig https://www.fingal.ie/bathing-water-quality-monitoring-faqs
Faigh faisnéis faoi do thrá áitiúil i bhFine Gall anseo: