Dámhachtain Cónaitheachta Priontála Mínealaíne Chomhairle Contae Fhine Gall agus Stiúideo Grafach 2023

Graphic Arts Studio 2023.jpg

Tá fíoráthas ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall Dámhachtain Cónaitheachta Priontála Mínealaíne Stiúideo Grafach Bhaile Átha Cliath a fhógairt. Mar chuid den tiomantas leanúnach d’ealaíontóirí gairmiúla, tá Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall i gcomhpháirtíocht le Stiúideo Grafach Bhaile Átha Cliath ag tairiscint dhá chónaitheacht i bpriontáil mínealaíne d’ealaíontóirí gairmiúla ag céim ar bith dá ngairmeacha beatha, ag obair in aon disciplín, ar spéis leo próisis phriontála a fhiosrú.

Soláthróidh na cónaitheachtaí coicíse timpeallacht iontach chun tionscadal cruthaitheach a fhorbairt i ndéanamh priontaí agus deis chun aithne a chur ar ealaíontóirí eile. Oibreoidh na healaíontóirí a roghnófar le Máistir-Dhéantóir Priontaí agus le foireann ghairmiúil priontála chun sraith de phriontaí eagrán teoranta a chruthú agus cuirfear profaí na n-ealaíontóirí isteach i mBailiúchán Ealaíne Bardasach Chomhairle Contae Fhine Gall.  Beidh an chónaitheacht ar siúl i bhFómhar 2023, ar dháta a bheidh le haontú leis na hiarrthóirí rathúla.

Le bheith incháilithe le hiarratas a dhéanamh, ní mór gur rugadh iarrthóirí, go ndearna siad staidéar nó go bhfuil cónaí orthu faoi láthair i gceantar riaracháin Fhine Gall. Níl aon taithí ar dhéanamh priontaí riachtanach.

Tabhair cuairt ar www.graphicstudiodublin.com chun foirm iarratais a íoslódáil. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Stiúideo Grafach Bhaile Átha Cliath trí ríomhphost a chur chuig   [email protected] .

Is é an dáta deiridh chun iarratais a fháil ná Déardaoin 27ú Iúil 2023 ag 4.00in

Áireofar sa chónaitheacht:

• Cruinniú tosaigh ag an stiúideo leis an an Stiúrthóir Stiúideo agus Bainisteoir Cláir chun an tionscadal, meán priontála agus amlíne a shainmhíniú.

• Comhairle agus cúnamh ón Máistir-Dhéantóir Priontaí maidir le modheolaíochtaí priontála, chun ligean don ealaíontóir a chuspóirí a chomhlíonadh go gairmiúil le linn na cónaitheachta.

• Tacaíocht stiúideo ghairmiúil maidir le próisis theicniúla agus forbairt ealaíonta.

• Obriú sa stiúideo ó thart ar 10rn-3.30in gach lá leis an Máistir-Dhéantóir Priontaí agus / nó foireann an Stiúideo le linn na coicíse.

• Eagrán beag priontaí, arna gcruthú leis an bhfoireann sa stiúideo le linn na coicíse.

• Doiciméadú ar chónaitheacht an ealaíontóra, le Comhairle Contae Fhine Gall agus Stiúideo Grafach Bhaile Átha Cliath ar féidir a úsáid mar ábhar bolscaireachta do thionscadail amach anseo.

• Taispeántas saothair ag Dánlann Stiúideo Grafach.

• Seans go n-iarrfar ar an bhfaighteoir cur i láthair poiblí agus/nó scríofa a thabhairt ar a gcleachtas agus an chaoi a bhain siad tairbhe as an gcónaitheacht.

Cliceáil ar an nasc thíos chun físeán a fheiceáil a chuireann béim ar fhaighteoirí Dhámhachtain 2021 le linn a gcónaitheachtaí - Naomi Taitz Duffy agus Anna Hyrniewicz

www.youtube.com/watch?v=zLgLgKF7bnI