Bronnadh Dámhachtain Graphic Studio Chomhairle Contae Fhine Gall 2019 ar an ealaíontóir Sorca O’Farrell ó Bhinn Éadair

ghost forest etching

Bronnadh cónaitheacht phrionta mínealaíne Chomhairle Contae Fhine Gall ag Graphic Studio, Baile Átha Cliath ar Sorca O’Farrell ní ba luaithe i mbliana. Cuireann an chónaitheacht seo an deis ar fáil d’ealaíontóir atá ag teacht chun cinn nó atá cruthaithe chun prionta mínealaíne a dhéanamh leis an máistirchlódóir Robert Russell ag Graphic Studio, Baile Átha Cliath.

path to freedom etching

Ealaíontóir tírdhreacha ó Bhinn Éadair í Sorca agus chríochnaigh sí a cónaitheacht i rith mhí na Bealtaine/an Mheithimh. Freagairt dhíreach agus mhothúchánach é a saothar ar an tírdhreach atá i ngar don áit a gcónaíonn sí i mBinn Éadair, áit a bhfuil go leor cuimhní ann.

I rith an ama a chaith sí ag Graphic Studio, chruthaigh Sorca eagrán teoranta priontaí agus cuirfear profa an ealaíontóra le Bailiúchán Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall.

IMG_0647

Ar chríochnú na cónaitheachta, dúirt Sorca, ‘Tá dhá phrionta agam a bhfuilim an-sásta leo (agus tá roinnt ceann ó gach eagrán díolta agam cheana féin), d’fhoghlaim mé AN OIREAD SIN teicnící nua, agus tá tuiscint i bhfad níos doimhne agam ar fhoighne, athléimneacht agus gairmiúlacht dhochreidte an Mháistirchlódóra, Niamh Flanagan. Táim bainte siar go mór aici féin agus ag a comhghleacaithe ag Graphic Studio. Tá atmaisféar álainn tacúil foirne ann san fhoirgneamh.’