Faighteoir an Ghradaim Chónaitheachta 2016/2017, Una Sealy

Seo aiseolas ó Una Sealy tar éis di a cónaitheacht 2016/17 a chríochnú:

"Le déanaí chuir mé cónaitheacht Ealaíontóra Cuairte i crích arna mhaoiniú ag Ealaíona Fhine Gall ag Graphic Studio Dublin. Ní féidir liom béim mhór a dhóthain a leagan ar cé chomh mór is a chuir an taithí seo le mo chleachtas go ginearálta. Mar ealaíontóir a oibríonn go príomha le péint, bhí sé an-tairbheach dom oibriú le meán nach raibh mórán cur amach orm air go dtí seo. Ba dheis é a raibh mé thar a bheith buíoch as é an deis chun oibriú le duine chomh maith leis an Máistirchlódóir Robert Russell chun treoir a dhéanamh dom maidir le mo smaointe a fhíorú. Ní hamháin go ndearna an próiseas eolas do mo chleachtas féin, ach cuireadh mo shaothair os comhair lucht spéise nua mar gheall ar eagránú saineolaíoch mo chuid saothar.

Ba cheart comhghairdeas a ghabháil le Graphic Studio as an atmaisféar oscailte agus fáilteach agus tiomantas a gcuid Ball do rochtain ar phrionta a leathnú trína scileanna agus a gclár. D'ealaíontóirí nach n-oibríonn sa mheán de ghnáth, tá na deiseanna a chuireann an clár Ealaíontóra Cuairte ar fáil thar a bheith tábhachtach. Is maith is eol do gach duine go gcruthaítear deiseanna nua féinfhollasaithe nuair a oibríonn duine taobh amuigh dá speisialtóireacht. Gan trácht a dhéanamh ar go mbíonn saothar duine níos inrochtana, ar bhealach nua agus difriúil, nuair a tháirgtear na priontaí ealaíonta ag an gcaighdeán is airde.

Táim ag súil le tuilleadh oibre a dhéanamh leis an bhfoirm ealaíne priontála, chun forbairt a dhéanamh ar mo chuid foghlama agus an taithí an-dhearfach ag an Graphic Studio."