Conas Iarratas a Chur Isteach ar an nGradam Cónaitheachta i gcomhpháirtíocht le Graphic Studio Dublin

GraphicStudioAdvert

 

Cuireann an chónaitheacht dhá sheachtain seo timpeallacht idéalach ar fáil chun tionscadal cruthaitheach i ndéanamh priontaí a fhorbairt agus deis chun líonrú a dhéanamh le healaíontóirí eile. Comhaontófar dátaí na cónaitheachta leis an iarratasóir a n-éiríonn leis/léi.

Ní mór d'iarratasóirí na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh: rugadh an t-iarratasóir i limistéar riaracháin Fhine Gall, rinne sé/sí staidéar ann nó tá cónaí air/uirthi ann faoi láthair. Níl aon taithí ar dhéanamh priontaí riachtanach.

Dúirt Una Sealy a fuair an gradam in 2017:

"D'ealaíontóirí nach n-oibríonn sa mheán de ghnáth, tá na deiseanna a chuireann an clár Ealaíontóra Cuairte ar fáil thar a bheith tábhachtach. Is maith is eol do gach duine go gcruthaítear deiseanna nua féinfhollasaithe nuair a oibríonn duine taobh amuigh dá speisialtóireacht. Gan trácht a dhéanamh ar go mbíonn saothar duine níos inrochtana, ar bhealach nua agus difriúil, nuair a tháirgtear na priontaí ealaíonta ag an gcaighdeán is airde.

Áirítear leis an gcónaitheacht:

• Cúrsa gearr ionduchtaithe/oiliúna in úsáid trealaimh agus modhanna deachleachtais i gcomhstiúideo priontaí mínealaíne.

• Tacaíocht agus treoir déantóra priontaí ag a bhfuil taithí ó thaobh prionta ildathach a dhéanamh trí úsáid a bhaint as líníocht/pictiúr réamhullmhaithe mar thúsphointe.

• Cuirfidh Stiúrthóir an Stiúideo comhairle ar fáil maidir le teicnící priontála, agus tacófar leis an ealaíontóir ar gach bealach féideartha chun a gcuspóirí a chomhlíonadh go proifisiúnta le linn na cónaitheachta.

• Tacaíocht ghairmiúil stiúideo maidir le próisis theicniúla agus forbairt ealaíonta.

• Tacaíocht maidir le heagrán beag an tsaothair chríochnaithe a phriontáil.

• Déanfar taifead ar an gcónaitheacht don ealaíontóir, d'Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall agus Graphic Studio Dublin. Cuirfear an saothar críochnaithe ar taispeáint in Graphic Studio Gallery.

Le haghaidh tuilleadh eolais agus chun iarratas a fháil téigh i dteagmháil le Graphic Studio Dublin

Teil: 01 817 0938 nó seol ríomhphost chuig [email protected]

Is maith is eol do gach duine go gcruthaítear deiseanna nua féinfhollasaithe nuair a oibríonn duine taobh amuigh dá speisialtóireacht. Gan trácht a dhéanamh ar go mbíonn saothar duine níos inrochtana, ar bhealach nua agus difriúil, nuair a tháirgtear na priontaí ealaíonta ag an gcaighdeán is airde.