Comhshaol

Scoileanna Glasa

Environmental Awareness

Cuireann Clár na Scoileanna Glasa feasacht comhshaoil chun cinn laistigh de scoileanna go dtí go mbíonn an fheasacht sin ina cuid intreach d’éiteas na scoile. 

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi gníomhaíochtaí  na Scoileanna Glasa i bhFine Gall téigh go Scoileanna Glasa

 

An spriocdháta atá ann do scoileanna le clárú do Chlár na Scoileanna Glasa ná 1ú Nollaig. Ní mór go mbeadh tú ag obair ar an gclár ar feadh 9 mí ar a laghad chun iarratas ar Bhrat Glas a dhéanamh.

Is féidir lenár gcomhordaitheoir scoileanna cuairt a thabhairt ar do scoil le cabhair a thabhairt ag tosú amach nó le cuir i láthair a dhéanamh faoi shaincheisteanna éagsúla comhshaoil.  Do scoileanna a bhíonn ag obair ar théama an bhruscair agus na dramhaíola is féidir cuairt ranga a eagrú chuig ceann de na hionaid athchúrsála dár gcuid. 

Téigh i dteagmháil leis an gcomhordaitheoir scoileanna glasa chun cuairteanna ar scoileanna nó chuig ionaid athchúrsála a eagrú.

Teileafón: (01) 890 5453 
 

 

Cláraigh do Scoil

Cláraigh do scoil nó déan ábhair a íoslódáil ó shuíomh gréasáin Scoileanna Glasa An Taisce. Treoraíonn an suíomh gréasáin thú trí sheacht gcéim an chláir agus tugann sé mórchuid comhairle duit.

Le heolas a fháil faoi Chlár Náisiúnta na Scoileanna Glasa déan teagmháil, le do thoil, le:

Bainisteoir na Scoileanna Glasa, 
An Taisce, 
5A Scabhat Swift, 
Sráid San Proinsias, 
Baile Átha Cliath 8.

Teileafón: (01) 400 2222 
Ríomhphost:  [email protected]