Scoileanna Glasa

Scoileanna Glasa

Cad atá i gceist le Clár na Scoileanna Glasa? 

 

Reáchtálann An Taisce, i gcomhar leis na hÚdaráis Áitiúla, clár náisiúnta na Scoileanna Glasa. Is clár faoi stiúir ag daltaí é lena gcuirtear gníomhaíocht fhadtéarmach scoile uile chun cinn ar son an chomhshaoil, le rannpháirtíocht ón bpobal i gcoitinne. Oibríonn scoileanna ar théama ar leith thar thréimhse dhá bhliain chun a mbrat glas a bhaint amach.

Is iad seo na téamaí:

· Bruscar agus Dramhaíl

· Fuinneamh

· Uisce

· Taisteal

· Bithéagsúlacht

· Saoránacht Dhomhanda – Bruscar agus Dramhaíl

· Saoránacht Dhomhanda – Fuinneamh

· Saoránacht Dhomhanda – Muirthimpeallacht

· Saoránacht Dhomhanda – Taisteal

· Saoránacht Dhomhanda – Bia agus Bithéagsúlacht

I bhFine Gall, tá 90% de scoileanna ag glacadh páirt i gClár na Scoileanna Glasa.

Cliceáil anseo chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Chlár na Scoileanna Glasa

Ní mór gach brat a chothabháil de réir mar a théann an scoil ar aghaidh i dtreo na mbrat nua. Cabhraíonn Comhairle Contae Fhine Gall leis na scoileanna trí fhaisnéis agus tacaíocht a sholáthar agus trí chuairteanna athnuachana a thabhairt i mí Feabhra/mí an Mhárta dóibh siúd atá ag déanamh iarratas ar a mbrat.

Déanaimid comhghairdeas leis na scoileanna uile as a gcuid iarrachtaí – rinne comhordaitheoirí agus coistí, múinteoirí agus daltaí, rúnaithe agus airígh sna scoileanna agus gach duine lenar bhain go leor oibre a chur isteach chun an méid sin a bhaint

 

 

An bhfuil sé amhlaidh go bhfuil tú ag glacadh páirt i gClár na Scoileanna Glasa ach nach eol duit conas tosú? 

Tá ár nOifigeach Feasachta Comhshaoil ar fáil chun tacú le Comhordaitheoirí agus coistí Chlár na Scoileanna Glasa chun cabhrú leo a mbrat a bhaint amach. 

 

Ríomhphost: span>[email protected]

 

Treoracha Físeáin chun Cabhrú le Scoileanna a gcuid Dramhaíola a Shórtáil!

Ós rud é go mbíonn ról mór ag scoileanna i ndea-iompraíocht a shamhaltú do leanaí, is féidir le dea-chóras athchúrsála agus dea-straitéis athúsáide nósanna inbhuanaithe ar feadh an tsaoil a mhúnlú freisin.

Chun cabhrú le scoileanna, chruthaigh Údaráis Áitiúla Bhaile Átha Cliath agus VOICE Ireland dhá threoir físeáin fhaisnéiseacha. Sna físeáin sin, bailítear agus comhroinntear an dea-chleachtas ó bhunscoileanna agus meánscoileanna na hÉireann.

Tá na físeáin deartha do bhaill foirne agus do dhaltaí ag leibhéal na bunscoile agus ag leibhéal na meánscoile araon, agus tugtar breac-chuntas iontu ar na bunphrionsabail atá i gceist le córas dramhaíola scoile, á mhíniú conas ba cheart stáisiúin bhruscair a shuiteáil agus cá háit ar cheart iad a shuiteáil.

Tugtar breac-chuntas sna físeáin ar conas is féidir le scoileanna inbhuanaitheacht agus geilleagar ciorclach a spreagadh ar a gcampas. Tá sé mar aidhm leis an ngeilleagar ciorclach ábhair agus táirgí a choinneáil in úsáid ar feadh na tréimhse is faide is féidir. I measc na samplaí a bhfuil sé cruthaithe go n-éiríonn leo i scoileanna na hÉireann tá malartuithe éide scoile, cíos leabhar agus tionscnaimh buidéal uisce in-athúsáidte.

Tá na físeáin ar fáil saor in aisce do gach scoil i nGaeilge agus i mBéarla agus is féidir iad a shruthú ar líne anseo.

Is féidir le scoileanna na físeáin a úsáid mar threoir maidir le córas dramhaíola a chur chun feidhme. Má tá tú ag postáil do ghrianghraf scoile ar na meáin shóisialta, bain úsáid as an haischlib #schoolwastesorted.

 

Fingal Green Schools 2020